Dáil debates

Wednesday, 13 December 2006

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2006: Second Stage

 

9:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Ba mhaith liom mo chuid ama a roinnt leis na Teachtaí Boyle agus Finian McGrath.

Bille teicniúil é seo den chuid is mó agus tá muid ag tacú leis. Tá roinnt rudaí le rá againn, áfach, faoin choimisiún go dtí seo agus faoi áiteanna ina bhfuil easpa agus nach bhfuil na soláthraí cearta ann don Oireachtas.

Níl muid sásta leis an ionadaíocht atá ann don taobh seo den Teach. Níl ionadaíocht cheart ann don pháirtí s'againne, don Chomhaontas Glas agus don dream Neamhspleách. Tá Seanadóir Neamhspleách ann atá in ainm agus a bheith ina ionadaí thar ár gceann ar fad ach níl sé ag déanamh na hoibre sin, ní théann sé i dteagmháil linn, agus ní labhraíonn sé thar ár gceann mar pháirtí. Sin fadhb.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.