Dáil debates

Wednesday, 22 November 2006

 

Housing Policy: Motion (Resumed).

7:00 pm

Photo of Fiona O'MalleyFiona O'Malley (Dún Laoghaire, Progressive Democrats)

Gabhaim buíochas le Páirtí an Lucht Oibre as ucht an t-ábhar seo a chur faoi bhráid na Dála.

Is cuspóir fíorthábhachtach é úinéireacht tí don phobal Éireannach, agus cuspóir inmholta atá ann. Sin é an chúis go bhfuil an buaicleibhéal airgid caite ag an Rialtas chun níos mó tithe a chur ar fáil. Dúirt an Teachta Penrose aréir gur thréig an Rialtas a dhualgais teach a chur ar fáil do gach duine, ach níl sé sin fíor ar chor ar bith. Le deich mbliana anuas, tá buaicleibhéal aischur tithíochta bainte amach againn. Ó 1988, tá breis agus 433,000 teach nua tógtha in Éirinn. Níl tír ar bith san Eoraip ag teacht cóngarach dúinn sa leibhéal tógála seo. Tá an t-aischur tithíochta seo in Éirinn sé uaire níos tapúla ná an meán Eorpach.

Tá infheistíocht Rialtais de €6 billiún geallta ar son tithíochta sóisialta don tréimhse ó 2005 go 2009, an chuid is mó ariamh. Níor tharla sé seo gan tionscnaimh agus infheistíocht a chur ar fáil, ach go háirithe Cuid V de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 go 2006. Is é an tAcht sin a chuireann creat ar fáil de réir na Bunreachta faoina ndéantar scar réasúnach agus comhréireach den bhiseach a thagann as criosú cónaithe agus cinntí pleanála a shannadh chun críocha tithíochta sóisialta agus incheannaithe a chur ar fáil.

Chuir Páirtí an Lucht Oibre in iúl gurb é méadú ó 20% go 50% an leibhéal is airde de sholáthair tithíochta sóisialta agus incheannaithe a bheidh muid in ann a thógaint ó fhorbairtí príobháideacha. Is rud an-tábhachtach é agus beartas á phlé go bhfuil sé indéanta, agus go dtitfidh na tithe amach. Ní dóigh liom gur smaoinigh siad tríd é. Tá eagla orm, má chuireann siad iachall den chineál seo ar na forbróirí, nach gcuirfidh siad tithe ar fáil. Cad a dhéanfaimid ansin? Nuair a dhéantar rudaí go cothrom, bíonn na torthaí níos fearr.

Cuirim suim sa chuid den rún a bhí á phlé aréir, begin to buy. Tá eagla orm, áfach, roimh an bheartas seo. Tá sé seo ceart go leor nuair a bhíonn praghsanna na dtithe ag dul in airde, ach cad a tharlóidh leo má thosnaíonn praghsanna na dtithe ag dul in ísle? Níor smaoinigh siad ar an phróiseas sin. Maidir leis an chuid den rún a scríobh Páirtí an Lucht Oibre faoin scéim liúntais chíosa, tá an ceart acu ansin. Tá sé an-chosúil lena ndéanann an tAire Sláinte agus Leanaí chun cártaí sláinte a chur ar fáil. Níor chuir sí suim i bhfoinse an ioncaim. Ba é an leibhéal a bhí i gceist. Tá an ceart ag an Teachta Gilmore, tá sé tábhachtach go ndéanfar athrú air seo. Tá an Rialtas ag cur a lán airgid isteach agus tá tithíocht ag teacht mar gheall air sin, agus sin an rud is tábhachtaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.