Dáil debates
Wednesday, 8 November 2006
Ceisteanna — Questions
11:00 am
Trevor Sargent (Dublin North, Green Party)
The question refers to action being taken in respect of households that refused to return forms. Does part of this action involve a review of how the information has been collected or of how it will be collected in future? Tá suim faoi leith agam sa cheist seo de bharr go bhfaighim an fhoirm i leagan 100% Béarla, mar a fhaigheann gach duine eile í. Má bhíonn suim ag duine an fhoirm sin a fháil as Gaeilge nó in aon teanga eile, caithfidh sé stró a chur air féin, dul i dteagmháil leis an duine a bhíonn ag plé leis na foirmeacha agus ceann Gaeilge a lorg. Muna bhfuil an t-am ag an duine sin, níl aon dul as aige ach an fhoirm a líonadh as Béarla agus dearmad a dhéanamh den Ghaeilge. Má éiríonn leis an duine sin an leagan Gaeilge a fháil, iarrtar air an fhoirm Béarla a thabhairt ar ais, agus ansin ní bhíonn ach an fhoirm Gaeilge ag an duine. Muna bhfuil an duine líofa ar fad sa Ghaeilge, caithfidh sé iompú ar an mBéarla.
An féidir leis an Aire Stáit moladh a thabhairt don CSO go mbeadh an dá theanga taobh le taobh mar a bhíonn siad sa Bhreatain Bheag agus i dtíortha eile a mbíonn teanga faoi leith ar nós na Gaeilge á labhairt ag daoine áirithe iontu? Tá cead acu í a úsáid chomh maith má tá gnó acu leis an stát. Sin mo mholadh bunúsach. Má bhí leisce ormsa an fhoirm a líonadh de bharr nach raibh agam ach an leagan Béarla, déarfainn go mbeadh an leisce chéanna ar dhaoine eile. Caithfidh siad stró agus strus a chur orthu féin chun an scéal a cheartú trí leagan Gaeilge a fháil. Ó am go ham, bíonn an t-oifigeach sásta an dá leagan a fhágaint ag duine, an ceann Béarla agus an ceann Gaeilge, ach i ndáiríre, cén fáth gurb éigean dó é sin a dhéanamh? Tá córas dátheangach in ainm is a bheith ag an Stát.
No comments