Dáil debates

Tuesday, 10 October 2006

9:00 pm

Tim O'Malley (Limerick East, Progressive Democrats)

Ar dtús, is mian liom buíochas a ghabháil leis an Teachta as an ábhar seo a ardú mar go dtugann sé deis dom míniú a thabhairt ar straitéis an Rialtais maidir le hinfheistiú caipitiúil i dtionscadail oideachais agus, ina theannta sin, achoimre a dhéanamh ar an staid reatha i ndáil le cóiríocht bhuan a sholáthar do Ghaelscoil Dara, Co. na Gaillimhe.

Mar gheall ar an easpa maoinithe atá déanta sa réimse seo le tamall fada de bhlianta, agus freisin ar an ngá le freastal ar riachtanais nua i limistéir ina bhfuil ráta ard fáis i dtaca leis an daonra de, níl sé furasta athchóiriú a dhéanamh ar na saoráidí sna 3,300 bunscoil agus 750 scoil iar-bhunoideachais atá ann. Dá ainneoin sin, tá sé léirithe ag an Rialtas ó chuaigh sé i mbun oifige go bhfuil rún daingean acu feabhas a chur ar bhail ár gcuid foirgneamh scoile agus a chinntiú go bhfuil na saoráidí cuí ann chun gur féidir curaclam leathan cothrom a chur i ngníomh.

Mar fhianaise ar an rún daingean sin, beidh tuairim is 1,300 tionscadal foirgníochta agus athchóirithe ar siúl inár gcuid bunscoileanna agus scoileanna iar-bhunoideachais le linn na bliana 2006. I mbliana, tá thart ar €500 milliún á chaitheamh ar na tionscadail bhunoideachais agus iar-bhunoideachais ar fud na tíre i gcomparáid le tuairim is €90 milliún sa bhliain 1997.

Tá mé cinnte go n-aontóidh an Teachta gurb ionann an leibhéal seo infheistíochta, nach raibh a leithéid ann roimhe seo, agus comhartha dearfach ar an ardtosaíocht a thugann an Rialtas don earnáil seo. Chun laghdú a dhéanamh ar mhaorlathas agus chun gur féidir tionscadail a chur i gcrích ar shlí níos tapúla, tá an fhreagracht as tionscadail bheaga tugtha do scoileanna. Tá dearthaí caighdeánacha forbartha freisin le haghaidh scoileanna ina bhfuil ocht gcinn, agus 16, de sheomraí ranga ionas gurb éasca tionscadail a chur i gcrích ar shlí níos tapúla agus chun coigilteas a dhéanamh i dtaca le táillí dearthóireachta.

Maidir leis an ábhar sonrach lena mbaineann an cheist, is bunscoil chomhoideachais í Gaelscoil Dara agus 269 ndalta ar an rolla inti faoi láthair. Is é atá i líon na foirne san fhadtéarma, faoi mar atá cinnte ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ná Príomhoide móide 16 chúntóir príomhshraithe móide foireann chuí fhoghabhálach.

Tá an Roinn ar bhonn gníomhach ag iarraidh láithreán a aimsiú don scoil. Rinneadh pléití leis an Roinn maidir leis na féidearthachtaí a bhaineann le láithreán atá ar an gcampas láithreach a cheannach — ar láithreán é a úsáideann na Bráithre Carthanachta faoi lathair.

Chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le láithreán a áirithiú do Ghaelscoil Dara, rinne an Roinn Oideachais agus Eolaíochta iniúchadh teicniúil ar láithreáin ionchasacha i mí Iúil i mbliana. Tá pléití leanúnacha ar siúl ag an Roinn leis na Bráithre Carthanachta i ndáil leis an láithreán atá acusan ach níl an measúnú ar an láithreán sin críochnaithe fós. Ag féachaint don éileamh ar sholáthar oideachais sa limistéar seo, samhláitear go gcríochnófar an próiseas measúnaithe a luaithe is féidir.

Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte go bhfuiltear ag déileáil le riachtanais bhuanchóiríochta Ghaelscoil Dara chomh tapaidh agus is féidir agus go ndéanfar soláthar foirgnimh bhuain don scoil a chur ar aghaidh i gcomhthéacs an Chláir um Athchóiriú agus Foirgníochta Scoileanna 2006-2010, tar éis an láithreán a bheith faighte. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Teachta arís as an ábhar seo a ardú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.