Dáil debates
Tuesday, 27 June 2006
Criminal Justice Bill 2004: Report Stage.
6:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
——ach thiocfadh sé os comhair an Tí agus bheadh daoine in ann a rá nach bhfuil fadhb acu leis sin ag dul tríd.
I gcásanna eile, ba chóir dúinn féachaint ar a leithéid. Sna cásanna seo, an rud atá i gceist ná go mbeadh na rialacháin i gceist tábhachtach maidir leo siúd atá ag teacht os comhair an chórais dlí. Ba chóir go mbeadh siad chomh foirfe agus is féidir sa tslí nach mbeadh seans go mbeadh daoine in ann teacht timpeall orthu toisc nár dhírigh muidne orthu i gceart sa Teach seo agus ag déanamh cinnte go raibh siad foirfe nó go raibh an Teach seo tar éis a thacaíocht iomlán a thabhairt do na rialacháin sin.
Tarraingeoidh mé siar na leasuithe mar níl cuma ar an scéal go bhfuil an tAire sásta glacadh leo.
No comments