Dáil debates

Tuesday, 27 June 2006

Criminal Justice Bill 2004: Report Stage.

 

6:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Ba mhaith liom críochnú air seo. Tá mé mar bhall den choiste Eorpach. Deineadh sórt cáineadh beag orm sa Teach seo toisc nár fhreastail mé ar an oiread sin cruinnithe den choiste, ach ní raibh mé in ann a bheith i láthair mar go raibh mé ag an choiste dlí agus cirt agus ag glacadh páirte i ngach rud eile a théann leis an gcoiste sin. Ní féidir an dá thrá a fhreastal. Aontaím leis an Aire nach mbíonn go leor ama againn go minic. Dhein an coiste eile ina bhfuil mé mar bhall déileáil le 400 píosa de dhlíthe na hEorpa cuíosach gasta. Chuaigh an coiste ar aghaidh, ceart go leor, ach bhí sé in ann déileáil leis an European scrutiny sub-committee, atá ina fho-choiste den choiste. Is féidir déileáil leis. Muna bhfuil aon fhadhb mhór leis na rialacháin, ní chuirfear aon mhoill orthu sa Teach. Níl sé i gceist go mbeidh díospóireacht ó thús i gcónaí, ach go mbeidh duine éigin in ann ceist a ardú agus go mbeidh an tAire in ann a rá "is é seo an fáth go bhfuil an chuid sin den rialachán ag seasamh" agus "is é seo an fáth go bhfuil sé sin ann". Ar a laghad, beidh ar an Aire teacht os comhair an Tí; beidh sé freagrach do Thithe an Oireachtais faoi na rialacháin. Níl sé freagrach faoi láthair, mar deir sé "a chinneadh féin", toisc go bhfuil muid ag cur i reachtaíocht go bhfuil an cead sin aige. Ba chóir go mbeadh deis againn i gcónaí féachaint cad é atá ar bun. Níl muid á rá go mbeadh díospóireacht mhór sa Teach seo faoi chulaith éadaigh na ngardaí agus an dath uirthi——

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.