Dáil debates

Tuesday, 27 June 2006

Criminal Justice Bill 2004: Report Stage.

 

6:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

I move amendment No. 7:

In page 14, to delete lines 38 to 40 and in page 15, to delete lines 1 to 4 and substitute the following:

"(2) Every regulation under this section shall require the approval of both Houses of the Oireachtas.".

Tá mo thrí leasú beagáinín bainteach leis an rud a bhí á rá againn roimhe seo. Ba mhaith liom a dhéanamh cinnte nach mbeidh Aire ann amach anseo a bheidh ag mí-úsáid na cumhachta atáimid le bronnadh air sa mBille seo. Beidh air aon rialacháin nó a leithéid a thógaint os comhair Thithe an Oireachtais. Measaim go bhfuil sé seo réasúnta. Tá sé ceart go dtagann rudaí ón Aontas Eorpach os comhair an Tí seo gach lá. Measaim go bhfuil sé ceart, i gcás córas dlí ach go háirithe, go mbeidh na rialacháin seo ag teacht os comhair Thithe an Oireachtais. Níl mé ag lorg go mbeidh plé iomlán i gceist gach uair, ach go mbeidh an Teach ag déileáil leo i mbealach amháin nó bealach eile. Má tá siad foirfe, beidh an Teach sásta tacaíocht iomlán a thabhairt don Aire sna cásanna úd.

Ba chóir go mbeidh plé ann i gcónaí nuair atáimid ag cur coinníollacha no rialacháin i bhfeidhm, ar eagla go mbeidís ag teacht salach ar chearta daonna an phobail, nó ar chearta aonair. Mar sin, ba chóir go dtiocfadh rudaí den sórt sin os comhair an Tí chun gur féidir linn a rá go bhfuil an ceart ag an Aire a leithéid de rialacháin a dhéanamh. Tá rudaí eile a thagann os comhair an Tí ar bhonn rialta toisc go bhfuil siad ag teacht salach nó go bhfuil rud éigin ó thaobh cearta daonna de i gceist. Measaim, i gcás na rialachán atá luaite agam sna trí leasú seo, gur chóir go mbeimis ag teacht ar ais os comhair Thithe an Oireachtais chun a rá go bhfuilimid, mar Pharlaimint, sásta tacú leis an Aire, nó gan tacú leis. Má fheictear go bhfuil fadhb ann — is í seo an áit inar chóir go mbeimis ag aithint go bhfuil fadhbanna ann — ba cheart gur féidir linn iarraidh ar an Aire leasú a dhéanamh ar na rialacháin sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.