Dáil debates

Tuesday, 27 June 2006

Criminal Justice Bill 2004: Report Stage.

 

6:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Tuigim cad atá an tAire a rá ach ní thuigim cén fáth nach féidir. Cuireann na leasuithe seo coinníollacha atá ann cheana féin in Achtanna eile i bhfeidhm sa chuid seo den Acht. Bheadh sé simplí agus ní bheadh air bheith buartha faoin convention nó faoin Bhunreacht mar bheadh sé san Acht agus bheadh sé bunreachtúil ach amháin dá mbuafadh duine éigin ar an Acht i gcás cúirte amach anseo. Níl i gceist ach go bhfuil mé ag lorg go mbeidh seasamh níos daingne maidir leis na cionníollacha ina dtarlaíonn sé seo. Ba chóir go mbeimid in ann a rá ar a laghad go bhfuil siad ann. Tá siúl agam nach mbeidh Aire ag teacht amach anseo chun leasuithe a dhéanamh ar na cionníollacha sin as a stuaim féin, chun dlíthe nó rialacháin a thógáil isteach nach mbeidh de réir an mhéid atá ráite agam anseo, nó chun teacht salach ar pé rialacháin a mbeidh an tAire tar éis teacht suas leo amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.