Dáil debates
Tuesday, 27 June 2006
Criminal Justice Bill 2004: Report Stage.
6:00 pm
Brendan Howlin (Wexford, Labour)
Tá ábhair níos tábhachtaí le teacht ach níl sé soiléir dom ón méid atá ráite ag an Aire conas nach mbeidh "An Garda Síochána", an teideal oifigiúil atá ar na gardaí, oiriúnach le dul isteach sa Bhille. Dúirt sé gur ceist stíle í. Stíl an Aire féin nó stíl na Ranna? Cén fáth nach bhfuil an teideal oifigiúil ar an fhórsa, "An Garda Síochána" úsáidte againne sa Bhille seo agus mar ghnáth-theideal ar An Gharda Síochána i rith na díospóireachta?
No comments