Dáil debates

Tuesday, 27 June 2006

Criminal Justice Bill 2004: Report Stage.

 

6:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

I move amendment No. 4:

In page 14, lines 11 and 12, to delete "the Garda Síochána" and substitute "An Garda Síochána".

Ba mhaith liom an leasú seo a chur chun cinn. Ar Chéim an Choiste, chuir an Teachta Ó Cuív an leasú seo chun cinn. Bhí sé i gceist agam féin déileáil le gach áit a bhfuil "the Garda Síochána" ainmnithe sa Bhille seo ionas go n-athrófar é go "An Garda Síochána", ach amháin nach raibh mórán ama agam.

Is pointe é seo a d'ardaigh mé agus muid ag déileáil le Bille an Gharda Síochána 2004, atá achtaithe anois. Is é teideal na heagraíochta ná "An Garda Síochána", agus níl aon ghá é sin a athrú. Tá an "the" mícheart. Níl mé chun am na Dála a úsáid chun é seo a phlé agus a athphlé. Tá sé pléite, agus tá tacaíocht agam an uair seo nach raibh agam ag amantaí eile nuair a d'ardaigh mé ceist na Gaeilge agus teidil eagras, eagrais Stáit ach go háirithe, maidir leis an traidisiún ó thaobh na teanga náisiúnta de gurb í an Ghaeilge a fhaigheann tús áite. Ba chóir go mbeadh an leagan Gaeilge de theidil na n-eagras in úsáid, mar sin an leagan agus an teideal dleathach.

Nuair a bhí an tAire ag caint ar na trí leasú breise a thug sé isteach inniu, luaigh sé gur leasuithe teicniúla iad. Tá an ceart aige, ach is leasú teicniúil é seo chomh maith. Ba chóir dúinn an deis a thapú an uair seo glacadh leis seo agus an t-ainm a leasú tríd síos nuair atáimid ag déileáil leis an Bhille sula rachaidh sé go dtí an Seanad. Amach anseo, aon áit a dtagann "the Garda Síochána" chun cinn, agus muid ag déileáil le haon Bhille eile nó á leasú, ba cheart an leagan ceart a úsáid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.