Dáil debates

Tuesday, 13 June 2006

European Communities (Amendment) Bill 2006: Report and Final Stages.

 

5:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Fáiltím roimh an Bhille seo. Mar a dúirt mé sa choiste, tá súil agam go nglacfar leis an Rómáin agus an Bhulgáir go hiomlán ar an chéad lá d'Eanáir an bhliain seo chugainn agus nach gcuirfear aon bhacanna rompu roimhe sin nó aon mhoill ar a mballraíocht.

Is breá an rud é dúinn agus do thodhchaí tíortha beaga má thagann tíortha nach iar-impireachtaí iad isteach san Aontas Eorpach. Tá an tAontas Eorpach bunaithe ar chaidrimh agus cairdeas idir tíortha beaga seachas smacht na dtíortha móra. Agus muid ag críochnú leis an Bhille seo, is é an príomhrud ar mhaith liom a rá, mar a dúirt mé cúpla uair cheana féin, ná gur cheart stádas iomlán a thabhairt don dá thír ón chéad lá. Is é an rud atá i gceist agam ná go mbeidh cead ag oibrithe ó na tíortha sin taisteal timpeall an Aontais Eorpaigh. Tá a fhios agam nach bhfuil an cinneadh sin déanta ag an Rialtas go fóill. Ghlac sé cinneadh cuíosach tábhachtach i leith na dtíortha eile a tháinig isteach roimhe seo, agus sheas mé féin agus daoine eile leis mar gheall ar an chinneadh cróga sin, a tógadh i gcoinne fhormhór na dtíortha eile san Aontas Eorpach. Le déanaí, tháinig trí thír eile leis an triúr a sheas amach sa chéad dul síos.

Tá a lán daoine á rá nár chóir go mbeadh cead ag oibrithe agus saoránaigh an AE taisteal agus obair i ngach uile thír san Aontas, gan aon bhacanna. Tá siad in aghaidh na critéir a chomhlíonadh go hiomlán. Níor chóir go mbeadh dhá stádas nó dhá chéim ann ó thaobh ballraíochta de, áfach. Má tá siad sásta glacadh leis an Rómáin nó an Bhulgáir mar thíortha san AE, ba chóir go gcuirfí é sin i bhfeidhm 100% ó thús gan aon darna grád a bheith ann, mar atá ann do na tíortha a tháinig isteach sa bhabhta deireannach.

Tá súil agam go mbeidh muid ag teacht ar ais ar an cheist seo go luath, ag gabháil comhghairdeachais leis an Bhulgáir agus an Rómáin go bhfuil siad ina mbaill iomlána sa chéad dul síos. Ba cheart don Rialtas bheith in ann iachall a chur ar thíortha eile an AE glacadh leo go huile is go hiomlán mar thíortha den chéad ghrád, gan aon darna grád a bheith i gceist. Cruthaíonn an dá ghrád sin go bhfuil easpa daonlathais san AE, mar a dúirt muidne thar na blianta. Má tá an Rialtas seo agus rialtais eile ag iarraidh cruthú go bhfuil mo leithéid mícheart ó thaobh daonlathais san AE de, is é ceann de na chéad rudaí ar chóir dóibh a dhéanamh ná glacadh leis na tíortha go hiomlán sa chéad dul síos.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.