Dáil debates

Wednesday, 10 May 2006

Report of the Joint Committee on European Affairs on Migration: Statements.

 

11:00 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Fáiltím roimh an deis labhairt ar an tuairisc seo. Den chuid is mó, déantar neamhaird den obair a dhéanaimid sna Tithe seo agus i gcoistí, agus tá sé ríthábhachtach go bhfoilseofar an tuairisc seo agus go mbeidh plé agus díospóireacht againn ar a bhfuil inti. Is tuairisc mhaith í, agus táimid ag díriú ar cheist mhór maidir le rannóg nó Aire amháin a bhí á lorg agamsa agus ag roinnt Teachtaí eile sa choiste agus muid ag déileáil le ceist mhór na hinimirce agus ant-athrú mór atá ag teacht ar an tír seo. Tá sé tarlaithe cheana féin, agus ní dheachaigh muid i ngleic leis i gceart.

Tá ceisteanna móra le freagairt fós, agus caithfidh an tsochaí ar fad déileáil leo. Is gá dúinn díriú air sin, agus an chumhacht agus na hacmhainní cearta a thabhairt don Aire agus don rannóg seo chun a hobair thábhachtach a dhéanamh ionas gur féidir linn sochaí cheart a bheith againn amach anseo atá rathúil. Is gá dúinn cuidiú leis na heagrais a bhíonn ag obair le hinimircigh, mar shampla, Comhairle na nInimirceach, agus chomh maith leis sin le heagrais na n-inimirceach féin agus an pobal i gcoitinne ionas gur féidir linn tabhairt faoi na ceisteanna móra atá ag cur imní air. Beimid in ann teacht tríd sa dóigh is go mbeidh rath orainn dá thairbhe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.