Dáil debates

Tuesday, 25 April 2006

Electoral Registration Commissioner Bill 2005: Second Stage.

 

8:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tá áthas orm deis a bheith agam cúpla focal a rá faoin Bhille seo sa chúpla nóiméad atá fágtha. Is Bille tráthúil é, agus tá an-ghá leis. Ba mhaith liom tréaslú leis an Teachta Gilmore as an mBille a thabhairt isteach ag an am seo, nuair atá muid ag dul isteach i dtoghchán an-tábhachtach i mbliana nó an bhliain seo chugainn. Tá a fhios againn go léir go mbímid ag caint air seo go minic, mar a dúirt an Teachta McCormack agus an Teachta Gilmore roimhe. Caithfear rud éigin a dhéanamh mar gheall ar chlár na vótóirí. Deir an tAire agus an Rialtas go bhfuil ar a laghad 300,000 duine ar chlár na vótóirí sa tír seo nár cheart dóibh a bheith air. Is íosuimhir é sin, agus b'fhéidir go bhfuil i bhfad níos mó acu. Maidir le mo chontae féin, Dún na nGall, tugadh figiúirí oifigiúla dúinn go bhfuil 20,000 people on the electoral register in County Donegal who have no right to be on it for one reason or other. It is intolerable and it is getting worse.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.