Dáil debates

Thursday, 30 March 2006

12:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Aontaím leis an Aire, agus tá méá rá gur chóir go mbeadh sé dátheangach ó thús. Ansin, bheinn in ann mo ghnó a dhéanamh go hiomlán i nGaeilge. Táimid tar éis céim chun tosaigh a ghlacadh. Admhaím é sin, agus tá súil agam go leanfaidh sé sin ar aghaidh.

Chomh maith leis sin, áfach, ní gá ach féachaint ar an tuarascáil a bhí ag an gCoimisinéir Teanga inné. Tá ceannlíne sa nuachtán , "Tuarascáil na Teipe". Tagann dhá cheist as a méid a bhí le rá aige. Dhírigh mise ar cheann amháin acu, an cheist maidir le marcanna breise a bhronnadh as inniúlacht sa Ghaeilge i gcomórtais inmheánacha ardú céime sa Státchóras. Is trua é go raibh an cheist sin le tógaint, ach measaim gur léiriú é ar mheon na Státseirbhíse ina iomláine i leith na Gaeilge. Tá daoine maithe ann, ach ina hiomláine níl an Státseirbhís báúil don Ghaeilge. Caithfidh an tAire fáil amach an bhfuil na marcanna breise ar fáil i ngach uile Roinn agus comórtas inmheánach ar siúl. Ceist eile ná——

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.