Dáil debates

Thursday, 30 March 2006

12:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Tá sé go hiontach go bhfuil an deis againn arís labhairt ar cheist na Gaeilge. Is í an fhadhb atá agam, mar a dúirt mé dhá uair roimhe seo nuair a bhí an sórt céanna díospóireachta ann, ná nach fiú díreach ráitis a dhéanamh. Ba chóir go mbeadh díospóireacht cheart againn le rún os ár gcomhair a mbeimis in ann a chíoradh agus a phlé. B'fhéidir go dtarlódh sé sin amach anseo. Tá me in ainm is a bheith ag cruinniú eile faoi láthair maidir le lá na hEorpa atáá phleanáil anseo i mí Bealtaine. Is é atá i gceist ná go mbeadh gach uile rud gafa le ceist an Aontais Eorpaigh an lá sin. Ba mhaith liom go mbeimis in ann teacht anseo an bhliain seo chugainn agus go mbeadh seachtain againn nuair a bheadh gach uile théama sa Teach seo gafa le ceist na Gaeilge agus á phlé as Gaeilge. Bheadh na coistí agus gach rud i gceist. Déanfaidh mé iarracht é sin a bhrú chun cinn tríd na hAoirí agus a gcoiste.

Fós, níl an staid sroichte againn sa Teach seo gur féidir liom mo ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Luaigh méé sin nuair a bhí mé ag déileáil leis an Bhille um Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ní raibh mé in ann leasuithe a chur síos i nGaeilge. Bhí orm iad a aistriú go Béarla ionas go mbeidís ar an chlár oibre. Beidh stádas níos mó ag an nGaeilge san Aontas Eorpach agus sa Pharlaimint ansin ná mar atá ar fáil anseo, agus tá súil agam go leanfaimid ar aghaidh ag impí ar na státseirbhísigh agus ar an Státchóras amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.