Dáil debates

Thursday, 30 March 2006

12:00 pm

Photo of Joe HigginsJoe Higgins (Dublin West, Socialist Party)

Ba cheart don tAire éist go cruinn. Níl aon áit sa tír seo ina mbaineann oidhreacht na Ghaeilge comh mór leis ná na Blascaodaí agus an Blascaod Mór, agus an litríocht iontach Ghaeilge a tháinig ón t-oileán sin. Impím ar an Aire páirc náisiúnta oidhreachta a dhéanamh as an mBlascaod Mór a chur ar ais ar an mbóthar. Sin a theastaíonn ó na daoine díograiseach a chur faoi seo na blianta fada ó shin. Seoid luachmhar is ea an Blascaod Mór agus ba cheart go mbeadh sé oscailte do gach duine le riarachán chaoi ar ndóigh. Tá sé scannalach faoi mar atá lucht áirithe gnó i láthair na h-uaire ag iarraidh smacht ar an oileán dóibh fhéin chun brabús príobháideach a dhéanamh. Nuair a dúirt Tomás Ó Criomhthain "ní bheidh ár leithéidí arís ann", ar ndóigh bhí an cheart amach is amach aige. An chreidfeadh sé ríomh go mbeadh báillí ar an mBlascaod Mór ag caitheamh daoine amach as an oileán sa bhliain 2005 mar a tharla an samhradh seo caite? Cuireadh báillí isteach ann ag fear gnó príobháideach agus níor thugadh cead do dhaoine dul thart faoi na fobhóthair ar an Bhlascaod Mór, áit a raibh fáilte agus fiche ríomh roimh an strainséir agus roimh éinne a tháinig chuig muintir an Bhlascaoid san sean am. Impím ar an tAire an togra seo a chur ar ais. Tóg ant-oileán isteach i seilbh poiblí agus ná tabhair ceart do dhuine amháin, do lucht ghnó amháin, smacht a fháil ar an oileán sa treo seo.

Tá sé scannalach ó thaobh an plean bainistíochta. Tá siad ag tabhairt ceart do fear ghnó amháin báid farantóireachta a sheoladh ón Daingean go dtí an Blascaod Mór. Cén fáth? Deireann an Rialtais seo linn gur coimhlint idir ghnó an slí ar aghaidh. Nuair a labhrann an tAire ag deireadh na díospóireachta seo, ba cheart dó a rá go gcuirfidh sé an togra seo ar an mbóthar arís. Baineann an scéal seo le oidhreacht na tíre agus na Ghaeilge. Níl aon áit an domhain comh mór leis an mBlascaod a bhaineann leis seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.