Dáil debates

Thursday, 30 March 2006

12:00 pm

Photo of Joe HigginsJoe Higgins (Dublin West, Socialist Party)

Tá mé ag roinnt mo chuid ama leis na Teachtaí, Boyle agus Ó Snodaigh.

Le cúpla lá anuas tá tuarascáil bliantúil 2005 ón gCoimisinéir Teanga idir lámha agam. Deireann sé go dteastaíonn druidim ón imeall go hionad lárnach an Ghaeilge agus go neartófar an tuiscint in intinn an phobal gur gné tábhachtach agus luachmhar d'ár saol í an Ghaeilge. Aontaím go mór leis an gcoimisinéir ins an méad sin.

Ní bheidh an Ghaeilge riamh mar teanga labhartha maidir le tromlach mór na tíre seo. Tá meáchan na staire agus meáchan cúrsaí eacnamaíochta domhanda agus a leithéid in aghaidh san. Tá dhá theanga sa tír, an Béarla agus an Ghaeilge. Tá gach ceann díobh comh luachmhar lena chéile agus comh saibhir ó thaobh litríochta, staire agus a leithéid. Ba cheart go mbeadh rogha ceart ann ag gach duine an Ghaeilge a fhoghlaim agus a labhairt más rud é go dteastaíonn sé sin uathu. Ciallaíonn sé sin gur cheart go mbeadh áiseanna agus córas ceart ann chun go bhféadfaíé sin a dhéanamh, go mór mhór san gcóras oideachais. Caithfear féachaint chuige sin. Tá sé dochreidte i ndáiríre go mbeadh leanaí agus daoine óga ag baint leis an gcóras oideachais ar feadh na blianta fada agus ag teacht i ndiaidh san uile gan aon mór smacht acu ar labhairt na Gaeilge.

Aontaím leis an gcoimisinéir gur acmhainn í an Ghaeilge atá luachmhar ó thaobh staire, ó thaobh chultúir agus eile. Tá daonra nua inimircigh ag teacht go dtí an tír anois agus tugann sé dúshlán nua don Stáit agus dóibh siúd gur luachmhar dóibh an Ghaeilge. Níl aon dul as ach gur foghlaim an Bhéarla, an chéad rud dóibh siúd atá ag teacht isteach nach bhfuil an Béarla acu cheana féin. Tá sé sin ceart mar is fíor gurb é an Béarla príomh teanga chaidrimh na tíre. Ba cheart go mbeadh áiseanna ann do inimircigh an Ghaeilge a labhairt, go mór mhór do na leanaí, más rud é go dteastaíonn sé sin uathu. Léirím mar shampla don eagraíocht iMeasc a bhunaigh inimircigh. Chuala mé daoine ón Astráil agus ón Ollainn ag labhairt Ghaeilge líofa. Tugann sé le fios dúinn cad is féidir a dhéanamh nuair atá an toil agus na h-áiseanna ann. Caithfimid tabhairt faoi cheisteanna don sort seo agus an dhá-theangachas a chothú go mór mhór.

Ba mhaith liom tagairt do seafóid an bliain seo chaite maidir leis an chonspóid mar gheall ar mo bhaile dhúchais a bheith ainmnithe ar léarscáil agus ar fógraí bóthair mar Daingean nó Dingle. Tarraingíonn sé sin droch-cháil ar pholasaí chun a Ghaeilge a chothú. Is é an dhá theangachas an tslí ar aghaidh and caillaíonn sé sin Daingean Uí Chúis agus Dingle. Is é sin an slí cheart chun déileáil le seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.