Dáil debates

Thursday, 30 March 2006

12:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)

Fáiltím roimh an díospóireacht seo. Tá sé tábhachtach go mbíonn díospóireachtaí ar an nGaeilge sa Teach seo go minic.

Tá díomá orm mar gheall ar an óráid a thug an tAire. Bhí mise ag súil le ráiteas físe uaidh; ní sin a bhí ann. Ní raibh aon rud nua ins an méid a dúirt sé. Bhí mise ag súil le ráiteas físe, go dtiocfadh polasaí agus clár oibre amach ó shin go luath agus go dtarlódh rud mór tábhachtach as chun an Ghaeilge a chaomhnú agus chun úsáid na Gaeilge a fhorbairt. Tá díomá orm.

Dúirt an tAire go nglacann sé nach féidir an Gaeilge a chuir ar ais mar ghnáth-theanga pobail na tíre. Labhair sé mar gheall ar an dátheangachas. Aontaím le sin ach cad díreach atá i gceist ag an Aire nuair a deireann sé go gcaithimid an dátheangachas a chur i bhfeidhm? Léigh mé leabhar, I dTreo Teanga Nua, ascríobh Maolmhaodhóg Ó Ruairc. Glacaim nachn-aontaíonn formhór na scolairí Gaeilge leis an méid atáá rá ag an Uasal Ó Ruairc, sé sin, nuair a fhéachann duine ar leanaí ag foghlaim Gaeilge, tá deacrachtaí faoi leith leis an Ghaeilge, mar shampla, an tuiseal ginideach, na foirmeacha éagsúla den ainmfhocal, an t-urú, an séimhiú agus na litreacha H, T agus N a chuirtear ar tús fhocal a thosaíonn le guta. Cuireann na h-athraithe sin meascáin mearaí ar na leanaí.

Ní bhaineann sé seo díreach le Roinn an Aire dár ndóigh, agus sin deacracht eile. Tá cúram na Gaeilge scaipithe ar fud Ranna éagsúla. Tá cúram na Gaeltachta ag an Aire, an Teachta Ó Cuív, agus tá cúram an chóras oideachais agus múineadh na Gaeilge ag an Aire Oideachais agus Eolaíochta. Tá cúram ag an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha i gcúrsaí craolacháin agus mar sin de. Tá cúram éigin faoi leith ag beagnach gach Roinn Stáit. An rud a goilleann ormsa ná nach bhfuil có-ordú cheart ann ó thaobh polasaithe de. Dár ndóigh, níl aon polasaí scríofa ann agus cuireann sé sin díomá orm. Ní raibh aon fócas ins an méid a dúirt ant-Aire inniu.

Ba mhaith liomsa go ndéanfaí plé agus go bhféachfadh an Rialtas ar féidir, agus an mbeadh sé torthúil, Aire amháin a chuir i mbun cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ar fad. Glacaim leis go mbeadh sé sin deacair ach más mian linn an luach is fearr a fháil ón airgead atá an Stáit ag cur isteach i seirbhísí ar mhaithe leis an nGaeilge, ba cheart go mbeadh an comh-ordú is mó agus is fearr ann chun go mbeadh an toradh is fearr ag teacht as. Ba mhaith liom tuairim an Aire a chloisteáil i dtaobh sin nuair a bheidh sé ag freagairt ag deireadh na díospóireachta seo.

Is cuimhin liom nuair a bhí mé ag dul ar scoil go ndúirt manach ann liom — is dóigh liom go bhfuil sé ann go fóill: "Tá an Ghaeilge agat; labhair í." Tá sé sin simplí, ach thar a bheith tábhachtach.

Bhíos ag léamh óráide a thug an tAire le tuismitheoirí Gaeltachta thart ar bliain ó shin ina ndúirt sé go bhfaigheadh an Ghaeilge bás muna labhair tuismitheoirí an Ghaeilge le páistí. Ceapaim go bhfuil sé sin fíor sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht.

Rud a ghoilleann ormsa ná go bhfuil Gaeilge ag an gnáth-phobail. Dá ndéanfaidís scrúdú air, chuirfeadh sé ionadh ar daoine líon na bhfocal Gaeilge atá acu agus nach úsáideann siad. Táim ag filleadh ar an dátheangachas anois. D'fhoghlaim mé píosa eolais ó bheith i mbun oibre ar pháipéir seasamh don Ghaeilge do Pháirtí an Lucht Oibre. Tá chuid mhaith léite agam agus tá roinnt mhaith agallamh déanta agam faoin am seo dá bharr. Cheap mise i gcónaí gur teanga ar a ndearnadar athbheochan air is ea an Eabhrais — Hebrew — san Iosrael ach fuair mé amach nach mar sin a tharla. Is teanga nua é an Eabhrais Iosraelach, teanga atá forbartha ó b'fhéidir tús na h-aoise seo chaite. Cheap mise go dtí sin gur tharla gach rud san Iosrael ó 1947-8 i leith, ach ní mar sin atá an scéal. Tháinig daoine go dtí Iosrael ó thíortha ar fud an domhain, agus bhí an t-éileamh ann go mbeadh teanga ann go bhféadfaidís labhairt le chéile. Bhí an Eabhrais ann mar bhunús. Bhí Eabhrais scríofa acu i gcónaí. Is leagan simplíé seo den scéal, ach tháinig teanga nua ó na teangacha go léir a bhí ann.

Nuair a bunaíodh an Stáit bhí 250,000 daoine a bhí an Ghaeilge acu mar theanga dúchais. De réir na meastacháin anois, b'fhéidir go bhfuil 20,000 daoine go bhfuil an Ghaeilge acu mar ghnáth-theanga agus a úsáideann an Ghaeilge gach lá. Ní raibh aon fhorbairt cheart ar an ghramadach le fada mar ní raibh an Ghaeilge á labhairt go forleathan. Ní raibh forbairt ach oiread ar an bhfoclóir. Tháinig foclóir nua don teicneolaíocht ón barr. Tá focail nua ann agus tá mé an-tugtha leis an foclóir leictreonaic atáá ullmhú ag Foras na Gaeilge. Tá sé sin an-tábhachtach, agus nuair a ghlactar le focal nua is féidir é a chur isteach ann díreach gan bheith ag fanacht le thart ar 40 bliain go dtí go mbeadh foclóir nua ar fáil.

Ó thaobh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, an mbeadh sé tairbheach don Ghaeilge agus don phobal na rudaí a luaigh mé i leith ghramadach a dhéanamh agus páistí a mhealladh chun na Gaeilge a labhairt ó thús báire? Glacann gach duine gur cheart i bhfad níos mó béime a bheith ar labhairt na Gaeilge san chóras oideachais. Tá daoine ann a cheapann nár cheart béim a chur ar léamh na Gaeilge go dtí i bhfad níos déanaí i saol an leanbh sa bhunscoil.

Rud a ghoileann orm i gcónaí ná an tarraingt na gcos atá ag baint le daoine áirithe i ngluaiseacht na Gaeilge. Ba mhaith liom go dtabharfadh gach tacaíocht agus mealladh do dhaoine an Ghaeilge atá acu a úsáid, rud atá thar a bheith tábhachtach. Mar a dúirt an tAire, tá daoine á rá go gcaithimid é seo a dhéanamh agus b'fhéidir go bhfuil an focus anois ar an ghlúin atá ag teacht. Is le gach saoránach an Ghaeilge, agus tá sé de dhualgas orainn, más rud é go bhfuilimid i ndáiríre mar gheall ar chaomhnú agus forbairt na Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht, an méid Gaeilge agus is féidir a mhealladh ar gach slí. Is iontach an rud é go bhfuil daoine ann atá toilteanach an Ghaeilge atá acu a úsáid, meascaithe le Béarla, agus is ceart dúinn gach rud a dhéanamh chun é sin a mhealladh. Tá sé tábhachtach nach mbeadh daoine ann ag ceartú daoine eile ó thaobh gramadach de. Níl fhios agam conas a n-éiríodh le sin, ach tá mé cinnte má thosnaíonn an momentum tiocfaidh tairbhe as.

Ní cheart an tuarascáil seo a dhiúltú gan staidéar a dhéanamh ar cad go díreach atáá rá ag an údar, agus féachaint ar stad na Gaeilge agus an bhfuil rudaí ann a mbeadh tairbheach don Ghaeilge. Tháinig an tuarascáil ón choimisinéir inné. Cáineadh amháin atá agamsa don Aire agus don choimisiún i leith polasaí— ní theastaíonn uaim cáineadh pearsanta a dhéanamh — ná go bhfuil béim ró-mhór á leagadh acu ar chúrsaí dlí. Is féidir an dlí a athrú muna mbíonn sé oiriúnach. Tarlaíonn sé sin anseo. An rud is tábhachtaí ná grá a chothú don teanga. Aontaím leis an méid a dúirt an tAire——

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.