Dáil debates

Thursday, 30 March 2006

11:00 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Nó, tá nótaí cainte agam. Ní fiú scripts. B'fhéidir ar cheist chasta dlí gur fiú script, focal ar fhocal, ach níl fhios agam faoin tseafóid atá ar bun anseo le fada — tá sé in am athchóiriú iomlán a dhéanamh ar fheidhmiú Tithe an Oireachtais. Níl fhios agam i bParlaimint na Gearmáine gur féidir script a chur ar an Idirlíon agus dearmad a dhéanamh air. Níl aon mhaith ansin. Ba cheart an cheist a phlé.

Caithfimid oibriú amach céard atá romhainn, céard atáimid ag iarraidh a dhéanamh agus, ar an gcéad dul síos, an bhfuil tábhacht ag baint leis an Ghaeilge. Tá tábhacht ag baint leis an Ghaeilge mar tá tábhacht ag baint le chúrsaí cultúrtha. Muna gcreideann duine i gcultúr nó i luach an chultúir, is féidir argóint an-láidir a dhéanamh nach bhfuil luach ar bith ag baint leis an Ghaeilge. Sílim gur fíor-bheagán daoine a deireann nach bhfuil tábhacht le luach na cultúrtha, le heolas ar a stair, le leanúnachas an phobail, le cultúr a bheadh á fhorbairt agus féiniúlacht agus daoine ag aithint rudaí.

I dtaobh na Gaeilge tá ceist eile ann freisin. Ní teanga domhanda í. Is íÉire an tír amháin ar domhan ina bhfuil an Gaeilge á labhairt. Má fhaigheann an Ghaeilge bás in Éirinn mar theanga pobail, bheadh sé básaithe mar theanga pobail ar fud an domhain. Mar sin, ní amháin gur luach cultúr tábhachtach í don tír seo, ach tarlaíonn gur againne, mar atá mar shampla Brú na Bóinne agus Caiseal, an teanga seo, an teanga is faide agus is sinne-liteartha san Eoraip, agus gur muid caomhnóirí oidhreacht domhanda. Ba mhaith liom é a fheiceáil sa gcomhthéacs stairiúil mar go bhfuil fíor-thábhacht agus go mbeidh tábhacht níos mó ná riamh ag baint le féiniúlacht cultúrtha sa saoil nua atá amach romhainn. Tá sé sin le feiceáil ní amháin sa tír seo, ach i dtíortha eile. Tá tuiscint ag daoine anois go dteastaíonn ó dhaoine go mbeadh ceangal acu leis an áit arb as iad.

Nuair a bhunaíodh an Stát, is dóigh liom gur tuairim coitianta é go dtiocfadh an Ghaeilge in áit an Bhéarla. Bhí brionglóid ag daoine go dtarlódh sé sin. Ní fheicim sin ar chur ar bith agus mar sin creidim go bhunúsach sa dá theangachas. B'iontach an rud é trí nó ceithre theanga a bheith againn, ach sa tír seo, ba cheart go mbeadh sé mar sprioc againn an dátheangachas a chur chun cinn. Is é sin a rá, labhairt ar son na Gaeilge agus nach ionann é sin is a rá go mba cheart laghdú ar bith a dhéanamh ar an gcumas atá ag daoine ó thaobh an Bhéarla. Tá an Béarla thar a bheith úsáideach, go háirithe gurb í an teanga idirnáisiúnta is mó a úsáidtear i gcumarsáid domhanda. Tá sé soiléir ón méid sin nach bhfuil aon duine ag iarraidh an Béarla a chur ar leataobh, ach gur eisceachtaí muidne a chreidimid gur stad nádúrtha gan a bheith ach teanga amhain ag daoine.

An fís atá agam ná go mbeadh an oiread daoine agus is féidir sa tír seo dátheangach agus go bhféadfadh siad bheith ar a gcompord cuma teanga a bheidís ag caint. Tá an tuairim sin ag teacht go láidir leis an leagan amach atá sa mBunreacht. Deireann an Bunreacht gur bhfuil dhá theanga oifigiúil anseo, an Ghaeilge agus an Bhéarla.

Céard a bheadh praiticiúil le baint amach? An fheidhm a bheadh agamsa go náisiúnta ná go gcuirfeadh, ar an gcéad dul síos, le líon na ndaoine go bhfuil an Ghaeilge agus an Béarla acu. Tá sé sin ag fás de réir a chéile. Bliain i ndiaidh bliana, feicimid fás i líon na saoránaigh mar céatadán agus mar iomlán a bheadh in ann an dá theanga a labhairt. Ní bhainfeadh sé sin leo siúd amháin a raibh a sinsir as Éirinn; bhainfeadh sé, fiú, leis na pobail nua atá tagtha isteach sa tír agus a bheas ag dul tríd an gcóras oideachais freisin. Is é an dara aidhm a bheadh agam ná go méadófaí líon na ngasúr a thógfaí le Gaeilge sa mbaile. Is é sin le rá go mbeadh níos mó teaghlach ann ina mbeadh an Ghaeilge mar ghnáth-theanga taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht.

Ba mhaith liom béim a chur go bhfeictear dom go mbaineann an Ghaeilge leis an tír iomlán. Mar sin, caithfear tábhacht na Gaeltachta a fheiceáil i gcomhthéacs na tíre iomláine agus ní mar cheantar ann féin a bhfuil tábhacht léi inti féin gan teagmháil aici leis an gcuid eile den tír. Ar ndóigh, tá tábhacht an-mhór leis an nGaeltacht, mar sin í an áit a labhraítear an teanga mar theanga pobail. Sin í an áit ar féidir na pobail a úsáideann an Ghaeilge i rith an lae a fháil. Ar an ábhar sin, tá fíor-thábhacht leis an nGaeltacht, ní scoilte amach, mar a bheadh daoine áirithe á rá, ó lucht na Gaeilge ar fud na tíre, ach mar intinn nó mar thobar do lucht na Gaeilge agus mar phobal a bheadh ag fás inti féin agus a bheadh ag cothú pobal Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.

Go hiondúil, nuair a phléimid an cheist seo, cloisimid go leor daoine á rá go bhfuil sé iontach go bhfuil líon na ngaelscoileanna ag méadú, rud atá dearfach. Ba mhaith liom dhá rud a rá faoi sin. Tiocfaidh formhór na ngasúr a thiocfas as scoil sa tír seo ó scoileanna a bheas ag múineadh trí Bhéarla, agus mar sin, ní leithscéal ar bith é go bhfuil an Ghaeilge á múineadh go maith ar scoileanna lán-Ghaelacha agus gan bheith á múineadh go foirfe agus go cumasach sna scoileanna Béarla.

Ba mhaith liom an méid seo a rá i bhfábhar an Teachta Kenny. Dhúisigh sé díospóireacht, rud nach bhfuil fadhb ar bith agam leis, i dtaobh mhúineadh agus mhodhanna múinte na Gaeilge. B'fhéidir nach n-aontóinn leis ar dhá cheist, áfach. Is í an chéad cheist nach n-aontóinn leis fúithi ná go gcreidim go bunúsach go mba cheart go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla, mar theangacha oifigiúla — agus, go deimhin féin, an mhatamaitic — mar bhunábhair ag gach mac léinn scoile suas go dtí leibhéal na hardteiste. Ní bheinn i bhfábhar go n-éireodh daoine as Béarla a dhéanamh go dtí leibhéal na hardteiste ach oiread. Ba cheart go mbeadh an Ghaeilge ansin. Má tá fadhbanna le múineadh na Gaeilge, réiteoidh muid iad, ach ná bímis ag baint na bunchloiche den chórais oideachais go múintear dhá theanga oifigiúil sa tír agus bunrudaí ar nós na matamaitice do chuile ghasúr scoile muna bhfuil eisceacht faoi leith i gceist.

Is é an dara rud nach n-aontaím leis faoi ná gur eisceacht í an Ghaeilge ó thaobh an chumais atá ag an gcóras oideachais rud a bhuanú i gcloiginn gasúr. Is é sin le rá, níl sé féaráilte comparáid a dhéanamh idir cumas na ndaoine a chuaigh ar scoil agus a rinne Gaeilge ar feadh na mblianta agus an méid Fraincise nó teanga Eorpach eile a fhoghlaimíonn siad tar éis chúig bliana sna meánscoileanna. Go deimhin féin, nuair a d'fhág mise an scoil, ní raibh mé agus ní bheinn in ann comhrá a dhéanamh as Laidin, Fraincis nó in aon cheann eile acu, ach bhí méábalta comhrá a dhéanamh i nGaeilge.

Mar sin de, dá mbeinn ag lochtú mhúineadh na dteangacha ar scoil — cé nach bhfuilim á dhéanamh sin — is mó i bhfad a chaithfinn ar mhúineadh na Fraincise agus na Laidine a lochtú ná ar mhúineadh na Gaeilge. D'éirigh leo, ní amháin i mo chás féin ach i gcás na ndaoine ar fad a bhí i mo rang, an cumas a mhúineadh an Ghaeilge a labhairt mar theanga.

Is í an fhadhb eile a bhí ag éirí faoin sean-réimeas ná, nuair a chríochnódh daoine an scoil, chaillfidís an teagmháil leis an teanga. Is léir ó na figiúirí sa daonáireamh, má scrúdaítear iad, go mbíonn uasphointe thart ar 18 do dhaoine in aon aoisghrúpa a bhfuil Gaeilge acu. De réir mar a théann an aoisghrúpa sin in aois, titeann an figiúr sin. Ní mór dúinne é sin a scrúdú agus féachaint cén chaoi is féidir an acmhainn a thugann siad leo as scoil a úsáid, cé go bhfuil lochtach ar bhealaí. Tá plé macánta ar bun maidir le modhanna múinte agus teagaisc. Ag an am gcéanna, ce go bhfuil se lochtach, fós féin, is líonmhaire na daoine a deireann go bhfuil an dá theanga acu ag aois 18, 19 agus 20. Tá a fhios againn cad a tharlaíonn, áfach. Ní bhíonn aon bhaint ná ceangal acu leis an teanga, agus tarlaíonn an rud ceanna a tharla domsa leis an bhFraincis. Cibé Fraincis a bhí agam agus mé ag fágáil na scoile, níl blas ar bith fágtha agam anois, mar ní bhíonn aon teagmháil agam léi.

Sin an áit a bhfuil tábhacht faoi leith ag TG4. Bunaíodh TG4, agus tá creidiúint ag dul do go leor Airí as sin, an Teachta Mícheál D. Ó hUiginn ina measc. Nuair a bunaíodh TG4, don chéad uair, bhí glúin daoine ag fágáil na scoile a bhí gach seans acu bheith i dteagmháil leis an nGaeilge go laethúil ar bhealach nach raibh aon ghlúin rompu. Beidh sé spéisiúil a fheiceáil nuair a thiocfas an chéad daonáireamh eile amach an mbeidh athrú ar an meath sin a bhí ag teacht ar eolas ar an nGaeilge de réir aoise mar go bhfuil daoine ag coinneáil i dteagmháil leis an nGaeilge agus go bhfuil deis acu é sin a dhéanamh ar bhealach taitneamhach sa seomra suite sa mbaile.

Taispeánann na figiúirí féachana go bhfuil an pobal i bhfad níos mó i dteagmháil leis an nGaeilge ná mar a bhí cheana. Má tá an ceart agam go bhfuil éirithe le daoine níos mó Gaeilge a choinneáil mar go bhfuil teagmháil acu leis an nGaeilge ar bhealach nach raibh ann roimhe seo, treisíonn sé sin na hargóintí go mba cheart cur leis na hacmhainní atáá gcaitheamh ar leithéidí nua-theicneolaíochta trí Ghaeilge agus na roghanna sin atá ann.

Rinne BCI suirbhé dúinn, agus tá a fhios againn go bhfuil go leor daoine a fheiceann, mar shampla, cluichí ar TG4 nó cláir fhaisnéise nó nuachta mar rogha ceart. Is é sin le rá, má tá 20 bealach teilifíse ag duine sa mbaile agus má tá clár a bhfuil an-spéis aige ann ar TG4 a tharlaíonn a bheith i nGaeilge, ní hé nach bhfeiceann séé nó go gceapann sé nár cheart dó breathnú air mar go bhfuil sé i nGaeilge. Déanann sé a rogha, agus ní hé cúrsaí teanga a chuireann ann nó as dó.

Ba mhaith liom díriú air chur chuige an Rialtais. Bhí daoine á rá nach bhfuil plean againn. B'fhéidir nach mbeadh plean scríofa againn, agus beimid ag díriú air sin amach anseo. Tá plean againn, áfach, agus tá an rud atá ar bun againn thar a bheith soiléir. Ar an gcéad dul síos, ó thaobh reachtaíochta de, tá sraith reachtaíochta bhunúsach tagtha i bhfeidhm faoi chúram an Rialtais seo a bhfuil gné láidir teanga ag baint léi. Is é an ceann is bunúsaí ar fad ná Acht na dTeangacha Oifigiúla. Den chéad uair ariamh, tá córas ionas go mbeidh daoine in ann seirbhísí trí Ghaeilge a aimsiú. Tá go leor plé déanta ar an Acht teanga, ach ar a laghad tá córas ann agus tá cearta ag an saoránach faoin gcóras.

Nuair a bhí plé ar bun sna meáin Bhéarla, go mórmhór faoin Acht teanga, is minic nach rabhadar in ann idirdhealú a dhéanamh idir an pointe an-tábhachtach a rinne an Breitheamh Hardiman sa gcúirt ó thaobh dhualgais an Stáit de agus cearta an tsaoránaigh. Go bunúsach, is é an argóint a bhí ag an mBreitheamh Hardiman, má thuigim i gceart í, ná go mbíonn——

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.