Dáil debates
Thursday, 30 March 2006
Irish Language: Statements.
11:00 am
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Tááthas orm go bhfuil deis agam páirt a glacadh sa díospóireacht tábhachtach seo. Caithfimid breathnú go fírinneach cá bhfuil ár dtriall ó thaobh na Gaeilge de. Tuigimid go bhfuil bá forleathan don Ghaeilge. Níl sé sin fíor i ngach cás, ach tá sé forleathan go maith. Ag an am céanna, bíonn dúshlán ag daoine a bhíonn ag iarraidh Gaeilge a labhairt go laethúil.
Nuair a bunaíodh fóram don Ghaeilge, bhí caint go réiteoidh plean 20 bliain. Ardaíodh an cheist an fiú plean 20 bliain a réitigh don Ghaeilge. Ag an am sin, deineadh scrúdú ar an cheist agus go m'fhéidir gur cheart tosnú le céard é bun-pholasaí agus an aidhm i leith na Gaeilge ó thaobh na Stáit agus é a leagan síos go soiléir.
No comments