Dáil debates

Tuesday, 21 March 2006

 

Political Donations and Planning: Motion.

6:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Níl an ré sin thart go fóill. Ní gá dúinn ach féachaint ar na heastáit nua timpeall Bhaile Átha Cliath, agus fiú i mbailte 100 míle ó Bhaile Átha Cliath. B'fhéidir go bhfuil athrú tagtha ar na clúdaigh dhonna, ach tá an rud ann fós. Tá an chaimiléireacht fós i gceist sna páirtithe sin, mar is iadsan atá fós ag déanamh na gcinnithe céanna. Níl aon loighic le roinnt de na cinnithe móra atá déanta sa tír seo maidir le tógáil mótorbhealaí nó príosúin nua in Thornton Hall. Ba cheart dúinn féachaint ar an mótorbhealach atá ag dul trí Theamhair. Tá siad ag díol beairicí do lucht an rachmais, na tógálaithe, seachas d'údaráis áitiúla. Níl aon loighic ar na cinnithe seo seachas go bhfuil an Rialtas ag iarraidh slad a dhéanamh ar an oidhreacht agus an timpeallacht chun a bpócaí féin a líonadh. Tá sé sin fós ag tarlú. Nuair a fhéachtar siar 20 bliain, tá an t-airgead sin fós ann, agus deirim go bhfuil brú fós ar an chosmhuintir bogadh as Baile Átha Cliath, mar níl siad ábalta maireachtáil agus tithe a cheannach i mBaile Átha Cliath, nó fiú i mbailte móra eile timpeall na tíre.

Molaim an rún seo, agus tacaím go hiomlán leis. Ba chóir d'Fhine Gael agus do Pháirtí an Lucht Oibre na leasuithe a tharraingt siar agus tacú leis an Chomhaontas Glas agus leo siúd atá sásta seasamh suas maidir leis an cheist seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.