Dáil debates

Tuesday, 21 March 2006

 

Political Donations and Planning: Motion.

6:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Ba mhaith liom an deis seo a thógaint chun mo bhuíochas a ghabháil leis an Chomhaontas Glas as ucht an rún tábhachtach seo a chur faoi bhráid na Dála.

Is ait liom — b'fhéidir nach bhfuil sé chomh hait sin — go bhfuil an chéad chomhrialtas eile, nach bhfuil ann fós, fiú, scoilte ar an gceist seo. Chuireadar leasuithe síos atá ag lagú an rúin seo. Bhí mé ag súil lena leithéid ó Fhianna Fáil, le stair na caimiléireachta atá aige maidir leis an phróiseas pleanála sa tír seo, ach cad faoi Pháirtí an Lucht Oibre agus an leasú atá curtha síos aige ar an rún seo? Ba chóir go mbeadh sé ag tacú agus ag cur leis seachas é a lagú

Ní gá dúinn ach smaoineamh ar an stair a bhí ag an pháirtí sin nuair a bhí sé i Rialtais le páirtithe éagsúla thar na blianta. Ba cheart dúinn smaoineamh orthu siúd a bhí ar na comhairlíáitiúla thar ceann na bpáirtithe sin, a bhí ag glacadh na gcinnithe agus ag cur saibhris i dtreo lucht an rachmais sa Stát seo, i bhfoirm athghrádáil thailte, go háirithe timpeall Bhaile Átha Cliath. Tá a leithéid tar éis tarlú timpeall na tíre, an chaimiléireacht atá bainteach le hathghrádáil thailte, ag cur luach as cuimse le talamh talmhaíochta.

Cé a bhí agus cé atá fós thíos leis na cinnithe seo, atá bunaithe ar bhreabanna ó rachmasaithe agus tógálaithe, ó leithéidí Gallagher, Gilmartin agus Dunlop, a bhí sásta airgead a chaitheamh timpeall chun a bhealach a bheith acu seachas ar son leas an phobail mar ba chóir? Sin an fáth gur toghadh daoine — chun leas an phobail a chur chun cinn, seachas a bpócaí féin a líonadh nó pócaí a gcarad. Is iad na daoine atá fós thíos leis seo ná gnáth chosmhuintir na hÉireann.

Cén fáth ar tógadh bóithre de shíor seachas airgead na hEorpa a infheistiú i gcóras taistil poiblí, le traenacha agus busanna? Tá níos mó brabúis ar fáil ag feirmeoirí Fhianna Fáil agus Fhine Gael, timpeall Bhaile Átha Cliath ach go háirithe, as mótorbhealaí a thiomáint tríd a dtailte, nuair nach gá ach dual carriageway a thógaint. Ba chóir córas ceart iarnróid a thógaint mar a bhí sa tír seo 50 nó 100 bliain ó shin. Ní gá ach féachaint ar stair na ceiste seo — ar na heastáit tithíochta ar fad gan seirbhísí bunúsacha timpeall orthu, scoileanna, siopaí, tionsclaíocht, áiseanna spóirt, áiseanna do leanaí, uisce fiú, bóithre, agus cosáin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.