Dáil debates

Wednesday, 8 March 2006

Lourdes Hospital Inquiry: Statements (Resumed).

 

6:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Tá mo chomhghleacaithe, na TeachtaíÓ Caoláin agus Morgan, tar éis déileáil le ceist ospidéal Lourdes cheana féin. Tá an fiosrúchán ar imeachtaí san ospidéal tar éis aird a dhíriú chomh maith ar theip an Stáit maidir le réimse chúrsaí sláinte eile. Ina measc, tá diúltú do chearta ban atá bainteach le cinntí a bhaineann lena sláinte. Tá an cheist seo fite fuaite chomh maith le diúltú rannpháirtíocht na mban i gcúrsaí pholasaí sláinte a bhuanú ina iomláine agus a chothú.

Tá sé de dhualgas ag an Stát de réir Ailt 11 de Chairt Shóisialta na hEorpa áiseanna comhairleacha agus oideachasúla a chur ar fáil ar mhaithe le sláinte a chur chun cinn agus gríosú a thabhairt i dtaobh fhreagracht aonaraigh i gceisteanna sláinte. Is éard atá i gceist le freagracht aonaraigh i gceisteanna sláinte ná go dtugtar an chumhacht do mhná trí eolas, fios agus tacaíocht le cinntiú go mbeadh ionchur ceart acu i leith cinntí a dhéantar maidir lena sláinte.

Ciallaíonn sé seo ná go gcaithfear tacaíocht a thabhairt do mhná a bhfuil sé de dhánaíocht acu dúshlán a thabhairt don chleachtas seanghlactha go mbíonn an ceart ag an dochtúir i gcónaí. Ciallaíonn sé seo dúshlán a thabhairt do mhúnlaí leigheas foirne i leith breithe agus tacaíocht a thabhairt do mhúnla ina mbíonn mná lárnach, ina measc, cearta cúraim atá bunaithe ar chnáimhseachas agus an ceart breith baile a bheith acu, más rud é go bhfuil an cinneadh sin déanta ag an bhean féin agus é bunaithe ar an eolas.

Ceann de na rudaí is measa faoin scannal seo ar fad ná gadaíocht chomhaid sláinte na mban agus chláir bhreithe san ospidéal, le cinntiú nach mbeimis in ann teacht ar an fhírinne iomlán sa scéal seo. Tá sé ríthábhachtach go dtéann na gardaí sa tóir orthu siúd a rinne é sin go bríomhar. Tugann an scannal seo léiriú ar an ghá othair a chur ar an eolas maidir leis an cheart atá acu teacht ar a gcomhad nó a dtaifead sláinte féin. Ní bhaineann daoine úsáid as an cheart sin. Caithfidh sé sin athrú go radacach, agus ba chóir go mbeadh sé mar ghnáthchleachtas go mbíonn fáil ag othair ar a gcomhaid féin.

Níl dabht ar bith ach gur cuid mhór den fhadhb i dtaobh an oirdéil ghránna ar cuireadh mná tríd san ospidéal seo ná an ethos Caitliceach a bhí agus atá in ospidéal Lourdes. Maidir le bainistíocht an ospidéil agus cleachtais chliniciúla, chúngaigh sé seo na roghanna a bhí ar fáil do na mná. De réir nádúr na gcléireach agus an élite san ethos Caitliceach, rinne siad iarracht mná a choimeád dall ar na nithe seo, agus bhíodar in ainm i gcónaí bheith ullamh dóibh siúd ar glacadh leis a bheith eolach ar na ceisteanna seo, fíor den chuid is mó. Níor chóir go dtarlódh a leithéid seo aríst sa tír seo nó in aon tír ar domhan. Tá sé ceart agus cóir go bhfuil an díospóireacht seo ar siúl againn ar lá idirnáisiúnta na mban. Beannaím do chrógacht na mban a bhí gafa agus a cuireadh tríd oirdéal san ospidéal seo. Tá súil agam, mar a dúirt mé, nach dtarlóidh a leithéid arís.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.