Dáil debates

Wednesday, 15 February 2006

Official Languages Act 2003: Motion.

 

1:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Ní scéimeanna atá i gceist. An rud atá á rá agam ná é seo. Faoi alt 10 den Acht, caithfear an tuarascáil bhliantúil agus aon mhórpholasaí a fhoilsiú go dátheangach, agus sin an rud a gcuirtear an cheist orainn faoi — maidir le cúrsaí aistriúcháin. Ba é an costas do na heagrais sin ar fad, agus iad ag comhlíonadh a ndualgas i leith an Achta, ná €340,000 curtha le chéile. Bheadh sé spéisiúil freisin breathnú ar chuid de na figiúirí, mar bhí sé i bhfad ní ba chostasaí i Ranna áirithe an tuarascáil bhliantúil a aistriú ná i Ranna eile. Ní thuigim é sin, agus is ceist é sin ar cheart dúinn a scrúdú.

Dúirt cuid mhaith de na Ranna, mo Roinn féin san áireamh, go raibh an rud seo á dhéanamh ar aon bhealach, fiú gan aon Acht, agus mar sin, nach raibh an tAcht per se ag cosaint fiú an oiread sin. Níl an figiúr ard, agus fiú thar na heagraíochtaí Stáit ar fad, i gcomhthéacs chaiteachais an Stáit, d'fhéadfaí an costas iomlán a shábháil trí na rudaí atá pléite a dhéanamh, mar shampla, gan iad a chlóbhualadh. Is féidir iad a dháil ar an Idirlíon gan a bheith ag cur cóipeanna ar fáil nár mhaith le daoine a léamh nó gan a bheith ag cur pictiúr ann nach bhfuil gá leo. D'fhéadfainn iomlán an chostais a shábháil.

Maidir le ceist An Daingean, is féidir le héinne, in úsáid oifigiúil agus phríobháideach, "Dingle" nó"An Daingean" a úsáid. Go bhfios dom, níl aon argóint faoin leagan Béarla, "Dingle". Ní dóigh liom go bhfuil aon leagan Béarla ar An Daingean ach "Dingle". Níor chuala mé iomrá ar bith ar cheann eile. Maidir leis an argóint idir "An Daingean" agus "Daingean Uí Chúis", tá an leagan oifigiúil, "An Daingean", ag dul siar i bhfad. Seans nach raibh sé oifigiúil, ach bhí séúdarásach. Bhí An Seabhac mar chathaoirleach ar Choimisiún na Logainmneacha nuair a moladh "An Daingean" mar an leagan údarásach. D'fhéadfadh An Seabhac a bheith mícheart, ach an féidir le héinne a rá nach raibh aon eolas aige ar Ghaeilge Chorca Dhuibhne?

Seo an rud a chuireann olc orm faoin díospóireacht. Is cuma liom díospóireacht ar rud ar bith, agus mar is eol do Theachtaí, tá mé sásta díospóireacht iomlán a bheith againn ar rud ar bith. I gcomhthéacs leagan Gaeilge nan-ainmneacha Gaeltachta, den chéad uair riamh, bhí próiseas cuimsitheach comhairle sular dhaingnigh mé an leagan. Cuireann sé iontas agus díomá orm go bhfuil daoine ag gearán faoin leagan "An Daingean" versus "Daingean Uí Chúis" gan bheith ar a laghad chomh hionraic agus a admháil gur fhiafraigh mé de na pobail cén tuairim a bhí acu. Cé gur tháinig go leor aighneachtaí isteach, níor tháinig oiread agus focal amháin i dtaobh leis seo.

Ardaíodh go leor ceisteanna inniu agus ba bhreá liom dá mbeadh deis agam iad a fhreagairt go hionraic. Tá nótaí déanta agam de na pointí. Bheinn sásta dul faoi bhráid an choiste Dála le tuarascáil an choimisiúin agus ceist na logainmneacha a phlé. Go minic tarlaíonn na díospóireachtaí is fearr sna coistí mar is féidir a bheith idirghabh. Anseo bíonn óráidí i gceist den chuid is mó. Bheinn sásta é sin a dhéanamh agus na ceisteanna ar fad a phlé go mion leis na Teachtaí dá mbeadh an fonn sin orthu. Mholfainn ar na Teachtaí iarraidh ar Chathaoirleach an choiste cuireadh a thabhairt dom agus na ceisteanna seo ar fad a chur síos ar chlár oibre go rachaimid fríd le díospóireacht cheart. Má theastaíonn sé sin uathu, beidh mé sásta glacadh le cuireadh agus cuirfidh mé an t-am ar fáil chun é sin a dhéanamh. B'fhéidir go bhféadfaimis beagáinín solas a chaitheamh ar na ceisteanna seo seachas na scéalta a bhíonn ag dul thart.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.