Dáil debates

Wednesday, 15 February 2006

Official Languages Act 2003: Motion.

 

1:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Teachtaí ar fad, a phléigh achan rud seachas an rún atá os comhair an Tí. Glacaim leis gur ghlac gach uile Theachta leis an rún mar a moladh. An fáth gur moladh gan díospóireacht é ná nach bhfacthas dom go raibh mórán le plé ar an rún áirithe úd. Ní raibh ann ach liosta eagraíochtaí a d'imigh as feidhm agus eagraíochtaí nua a tháinig isteach. Tá sé tábhachtach go gcoinneoimis súil ar an gceist sin.

Is é an dara rud ná é seo. Ní drochrud é go mbeadh plé ar an nGaeilge, ach ní seo an bealach ceart lena dhéanamh sin. Tá deis ag an bhFreasúra rún a chur síos chuile sheachtain. Níor dhrochrud é dá n-úsáidfís a gcuid ama féin le rún a chur síos faoin nGaeilge, mar taispeánann sé sin tosaíocht ó thaobh an Fhreasúra de. Mar is eol do na Teachtaí, bhí plé ar an nGaeilge dhá bhliain ó shin nó anuraidh sa Teach seo; sílim go raibh sé thart ar Sheachtain na Gaeilge. An t-aon fhadhb a bhaineann leis sin ná nach suíonn an Teach seachtain Lá Fhéile Pádraig go minic. B'fhéidir nach sin an t-am ar cheart í a phlé.

Thiocfainn go mór leis go bhfuil ceist chostais na ndoiciméad tagtha go mór chun cinn ó bhí ar na heagraíochtaí cúpla ceann beag a aistriú. Níl aon amhras orm ach go bhfuil an ceart ag an Teachta O'Dowd. Tá a fhios againn nach léitear as Béarla nó as Gaeilge iad. Tá mé ag ceapadh go bhfuil ar chuile enterprise board sa tír cóip a chur chuig chuile Theachta, agus ní bhreathnaím orthu, fiú.

Tá sé in am ag eagraíochtaí breathnú ar an gcostas a bhaineann leis na rudaí a chur chuig gach éinne, rud atá i bhfad níos costasaí ná an t-aistrú. Tá an t-am foirne a chaitear ar iad a scríobh, is cuma cén teanga ina scríobhtar iad, i bhfad níos costasaí ná an t-aistriú. Ní fheictear é, mar tagann sé as na costais phá. Níl sé sin le rá nach bhfuil costas ann. Tá sé in am an cheist a chur an bhfuil gá leis na doiciméid seo a bheith chomh fada sin. An bhfuil aon bhealach chun na costais sin a laghdú, mar atá leagtha amach ag an Teachta Sargent? Ní bhaineann sé le Gaeilge ach le costais.

Ceann de na fáthanna go bhfuil sé leagtha amach san Acht go gcaithfear na doiciméid seo a dhéanamh ar chostas gach eagraíochta faoi leith ná le nach mbeidh éileamh á dhéanamh ar na cistí Gaeilge i leith na rudaí seo. Is éard a bhíodh ag tarlú go dtí seo ná, má bhí ó dhuine rud éigin a chur ar fáil i nGaeilge, thagadh sé chuig mo Roinn le feiceáil an mbeadh cúpla punt le spáráil leis an cháipéis a chur i nGaeilge. Thagadh sé as na cistí Gaeilge, ar cheart dóibh a chaitheamh ar oideachas agus ar chur chun cinn na Gaeilge. Má bhí ar na heagraíochtaí rud mar sin a dhéanamh, chaithfidís é a tharraingt as na cistí Gaeilge. An t-athrú anois ná go gcaithfidís é a tharraingt as a gcistí féin mar a dhéanfaidís le caiteachas ar an mBéarla. Má tá dhá theanga oifigiúil, sin an stádas loighiciúil. D'iarr mé ar 15 Roinn, na Coimisinéirí Ioncaim agus Oifig na nOibreacha Poiblí cé mhéad a chosnódh comhlíonadh a ndualgas faoi alt 10 den Acht anuraidh. Ba é an t-iomlán eatarthu uilig ná €340,000. Sin 15 Roinn agus an dá eagras sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.