Dáil debates

Wednesday, 15 February 2006

Official Languages Act 2003: Motion.

 

1:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Tá an sceideal agus an liosta d'eagrais nua agus seaneagrais a bhfuil muid ag déileáíl leo go maith. Is í an fhadhb atá agam leo, a d'ardaigh mé anseo cúpla uair, ná go nglacaim leis gurb é an teideal ceart ar chóir dó a bheith orthu ná an ceann Gaeilge, toisc gurb í an Ghaeilge chéad-teanga oifigiúil an Stáit. D'aineoinn sin, tugtar tús áite don Bhéarla i gcónaí. Is é an Béarla atá anseo agus an Ghaeilge ina dhiaidh sin, amhail is dá mb'aistriúchán ar an Bhéarla í. Ní hé go bhfuil mé ag gearán leis an Aire, mar d'fháiltigh mé roimh an rún seo.

Is trua go raibh gá dúinn díospóireacht a bheith againn ar an rún seo. Ba chóir go mbeadh díospóireacht ar an tuarascáil a dhein an Coimisinéir Teanga seachas go dtárlódh sé gach uile bhliain go bhfuilimid ag plé le rud chomh reachtúil leis seo. Ba cheart go mbeadh sé seo intuigthe. Ba cheart go mbeadh díospóireacht ar an gceist agus conas atá ag eírí linn ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus na gceisteanna móra a thagann chun cinn de. Bhí mé chun gearán a dhéanamh — b'fhéidir nár ghá dom anois — mar gheall ar an gCiste Náisiúnta um Cheannacht Cóir Leighis. Fuair mé doiciméid uathu le déanaí— agus fáiltím rompu, mar dhein siad obráid orm ag deireadh na bliana seo caite — ach bhí gach uile rud go hiomlán i mBéarla. Faoi riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá mé in ann déileáil leo agus brú a chur orthu, cosúil le gach saoránach eile, an stuif atá á fhoilsiú acu a chur ar fáil go dátheangach, nó i dteanga amháin, an Ghaeilge, más gá.

Ag déileáil leis an mBille um Ollscoil na Gaillimhe an tseachtain seo caite, tháinig mé ar cheist mhór, is é sin, nach féidir liom mo ghnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge faoin Acht seo. Dúradh linn agus sinn ag baint le hAcht na dTeangacha Oifigiúla go mbeadh na hAchtanna ar fad suas chun dáta aistrithe. Ní raibh Acht na nOllscoileanna 1997 ar fáil i nGaeilge go fóill. Ar an Idirlíon, má dhéanann duine comparáid idir an liosta Gaeilge agus an liosta Béarla, tá a lán Achtanna fós i mBéarla amháin. Cuireadh dallamullóg orainn ar shlí mar dúradh go mbeadh siad ar fáil suas chun dáta roimh i bhfad. Níor tharla sin agus tá fadhb anseo.

Níl sé de chead agam leasú a chur síos i nGaeilge ar Bhille i mBéarla. Chaith mé an Chéadaoin seo caite ina iomlán ag aistriú go Béarla ón Ghaeilge na leasuithe a chuir mé. Bhí orm mé féin a thiontú ar ais arís sa díospóireacht le labhairt i nGaeilge orthu.

Caithfimid díriú isteach ar na fadhbanna seo. Ní fheicim Coimisiún Thithe an Oireachtais ar an liosta. An gá dó bheith ann? Ghlac mé gur comhlacht an eagraíocht sin. B'fhiú dúinn féachaint an gá dúinn é sin a chur isteach.

D'fháiltigh mise roimh an Acht agus tá mé sásta deis a thabhairt don Aire, don choimisinéir agus do na heagrais ar fad am a bheith acu tosú. Ní bheidh mise ag caitheamh anuas ar aon eagras le tamall, tabharfaidh mé deis mar chuir muid a lán stóir sna scéimeanna comhaontaithe seo agus feicfimid an bhfuil ag éirí leo i mbliain nó dhó nó an gá díriú isteach ar cheist na Gaeilge arís.

Má fhéachann duine air, tá muid fós ar chúl. Ní rogha é, mar a dúirt roinnt daoine, idir caiteachas ar aistriúchán agus ar an Ghaeilge, nó caithfear an dá rud a dhéanamh agus caithfimid i bhfad níos mó airgid a chaitheamh ar an Ghaeilge lasmuigh den chóras oideachais. Tá an ceart ag na Teachtaí a dúirt gur chóir dúinn díriú isteach ar conas mar a mhúintear Gaeilge sna scoileanna ach fosta caithfimid obair lasmuigh de na scoileanna. Ní ceist oideachasúil í i gcónaí.

Tacaím leis an méid atá déanta ag an Aire agus tá súil agam go mbeimid in ann é seo a phlé gach bliain. Ní gá ach rún a chur os comhair na Dála go dtacaíonn an Dáil leis an choimisinéir agus go nglacaimid lena thuarascáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.