Dáil debates
Thursday, 9 February 2006
University College Galway (Amendment) Bill 2005 [Seanad]: Committee and Remaining Stages.
3:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Tá an freagra sin tubaisteach. Má dhéanaimid ceartú ar Bhille i mBéarla nó i nGaeilge, ó thaobh gramadaí nó bealach ar bith eile, cuireann sé leis an Bille. Is trua nach bhfuil an tAire ag glacadh leis. Níor ghlac aon Aire leis seo go dtí seo mar ní thuigeann siad go bhfuil an leagan Gaeilge den Acht chun tosaigh ar an leagan Béarla má tá cás dlí ann. Ba chóir go mbeimis i gcónaí ag úsáid an leagain Ghaeilge den teideal in Acht.
No comments