Dáil debates

Thursday, 9 February 2006

University College Galway (Amendment) Bill 2005 [Seanad]: Committee and Remaining Stages.

 

3:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

I move amendment No. 5:

In page 3, before section 1, to insert the following new section:

"1.—Section 25(1) of the Universities Act 1997 is amended by inserting the following paragraph after paragraph (c):

"(d) their intended duties and the intended duties of the University under the National University of Ireland, Galway (Amendment) Act 2006 and the Official Languages Act 2003 and the schemes relating thereto, as well as enquiring into and including the applicant's fluency in the Irish language.".".

Rinne mé trácht air seo níos luaithe. Cuireann sé iontas orm gur ligeadh an leasú seo tríd mar rialadh na leasuithe eile a bhain le píosaí eile d'Acht na nOllscoileanna as ord. Is cóir an reachtaíocht mar a bhí a athrú agus nach mbeidh bac ar dhuine fostaithe san ollscoil ach is ceart ar a laghad go bhfuil ceist curtha an bhfuil Gaeilge aige agus cé chomh líofa is atá sé. Tá meon ann nár chóir aon cheist mar seo a bheith ann ach is cóir. Má tá duine a rá go bhfuil idirdhealú déanta air toisc gur cuireadh ceist air faoin teanga, níl sé ceart. Caithfimid bheith in ann i gcónaí an cheist sin a chur le fáil amach an bhfuil bá fiú ag an duine don Ghaeilge. B'fhéidir go mbeimid ag iarraidh air Gaeilge a fhoghlaim agus níl bá ar bith aige don Ghaeilge agus níl sé sásta tacú le cur chun na Gaeilge sna hollscoileanna. Is ceart go mbeidh dualgas mar sin ann go ndéanaimid fiosrúchán éigin faoin Ghaeilge, go mbeimid in ann í a chur chun cinn agus go mbeimid in ann a mheas cad é an plean atá againn má tá muid ag cur scéime le chéile faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla mar atá déanta ag an choláiste. Tá an plean ag an choláiste go maith ach ní théann sé fada go leor domsa.

Níl mé ag baint an iomarca leis an cheist seo mar ba mhaith liom díriú isteach ar cheisteanna eile ach nuair a bhí mé ag cur an leasaithe seo le chéile bhí fadhb mhór agam. Dúradh linne nuair a bhí muid ag baint le ceist na dteangacha oifigiúla go mbeadh gach Bille ar fáil i nGaeilge roimh i bhfad. Low and behold chuaigh mé le fiosrú an Bhille seo agus níl sé ar fáil i nGaeilge — Acht na nOllscoileanna 1997, naoi mbliain ó shin, agus fós ní féidir liom teacht ar an Ghaeilge. Toisc nach raibh sé ar fáil i nGaeilge agus nach bhfuil an Bille seo ar fáil i nGaeilge, ní raibh cead agam de réir an Bills Office, agus thug sí cuidiú dom na leasuithe a chuir mé síos i nGaeilge a aistriú go Béarla. Sin cé chomh trom ar chúl is atá an áit seo. Chaith mise an lá ar fad inné ag baint le haistriúchán go Béarla de stuif a chuir mé síor i nGaeilge.

Ag labhairt ar leasú Uimh. 10, tá mé ag lorg na hathraithe seo le go mbeadh sé glan soiléir ón chéad léamh ag aon duine ar na dualgais go gcaithfidh sé féachaint i gcónaí ar na hAchtanna difriúla agus na dualgais atá aige dá réir. Ní díreach faoin Ghaeilge amháin atá sé ach caithfidh go mbeidh Gaeilge san áireamh i gcónaí nuair a bheidh bord meastacháin ag bualadh mar gheall ar dhuine nua a fhostú. Míníonn leasú Uimh. 27 cad atá i gceist sna leasuithe eile nuair a luaigh mé scéim.

I leasú Uimh. 39, tá i gceist go mbeadh sé luaite san fhotheideal go bhfuil dualgas áirithe ag an choláiste i leith na Gaeilge. Tá céim siar glactha againn maidir leis an dualgas áirithe a bhí tugtha don ollscoil. B'fhéidir go raibh sé mícheart an tslí a raibh sé curtha síos ar pháipéar ach bhí an aidhm cheart ag Earnán de Blaghd nuair a chuir sé síos é; bhí sé ag triall le rud a dhéanamh. B'fhéidir sa lá atá inniu ann nach sin an tslí lena dhéanamh. Toisc nach bhfuil an Rialtas seo agus nach raibh aon Rialtas roimhe seo sásta ollscoil lán-Ghaelach a dhéanamh, is gá ceann de na hollscoileanna a roghnú ar a bhfuil an dualgas breise bheith mar cheannródaíó thaobh na Gaeilge de agus tá sin comhlíonta ag Coláiste na hOllscoile Gaillimhe go dtí seo. Tá sé i gceist ag an dream atá ann faoi láthair leanúint leis ach tá mise ag iarraidh go mbeadh sé i reachtaíocht go bhfuil an dualgas sin aige agus go gcuirfear leis.

Cuirfear leis má ghlacfar agus má chuirfear leis na scéimeanna atá aige gach uile trí bhliain nuair atá siad os comhair an Aire Gaeltachta. Is rud maith é go bhfuil a leithéid de scéim ann go bhfeicimid cad é an dul chun cinn a bheidh ann agus conas mar a chomhlíonfar í. An fhadhb is mó atá ann ná go bhfuil a fhios ag gach duine faoi na pleananna straitéiseacha a bhíonn ag eagrais agus comhlachtaí agus b'fhéidir in ollscoileanna, cé go bhfuil súil agam nach bhfuil an ceart agam; titeann siad ar leataobh agus ní shroichtear na buaic-phointí nó nithe eile atá i gceist. Tá súil agam nach dtarlóidh sé sin.

Toisc go bhfuil mé ag rá gur chóir go mbeadh an dualgas breise sin ag an ollscoil seo go háirithe is ceart go mbeadh breis airgid curtha ar leataobh. Toisc an riail sheafóideach a bheith againn sa Teach seo nach féidir leis an Fhreasúra leasuithe a chur chun cinn mar gheall ar chaiteachas, ní féidir linn a rá conas mar a rialófar na smaointí atá againn nó na rudaí atá á gcur chun cinn againn. Bhí sé i gceist sna leasuithe, toisc go mbeadh dualgas breise ag an ollscoil, go gcuirfear airgead sa bhreis ar an ghnáth-airgead a fhaigheann sé ar fáil. Ní raibh mé ag caitheamh amach dualgais breise ar an ollscoil go deor na ndeor.

Is cóir dúinn i gcónaí an oiread cosaintí agus is féidir a bheith ann don seasamh atá ag an Ghaeilge san ollscoil seo agus gach ollscoil. Sin an fáth go bhfuil mé ag iarraidh go mbeadh sé i reachtaíocht.

Tá mé ag brostú tríd an stuif seo chun seans a thabhairt do dhaoine eile labhairt air seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.