Dáil debates
Thursday, 9 February 2006
University College Galway (Amendment) Bill 2005 [Seanad]: Committee and Remaining Stages.
3:00 pm
Michael D Higgins (Galway West, Labour)
Tá sé tábhachtach go ndéanaim soiléir ar son Pháirtí an Lucht Oibre nach bhfuil muid ag déanamh aon iarrachta éalúó spriocanna atá leagtha síos sa teideal mar a bhí sé. An dóigh cheart chun é a chur i gcrích ná glacadh leis an phlean straitéiseach. I leasuithe eile, tá mé ag athrú an commitment maidir le liostanna de na haidhmeanna éagsúla sa dóigh is go mbeidh sé mar cheann de na bun-phrionsabail taobh istigh de na haidhmeanna nithe áirithe a bhaint amach leis an Ghaeilge a chur ar aghaidh. Níl sé ceart a rá go bhfuil muid ag éalú ó commitment ar bith, beag nó mór, don Ghaeilge nó do theagasc frí mheán na Gaeilge. B'fhéidir go bhfuil muid ar aon intinn leis an Aire gur féidir é sin a bhaint amach i gcomhthéacs bun-ailt a leagann síos oibleagáidíéagsúla don phlean straitéiseach.
No comments