Dáil debates

Thursday, 9 February 2006

University College Galway (Amendment) Bill 2005 [Seanad]: Second Stage.

 

2:00 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael)

Ba mhaith liom cúpla focal a rá ar an mBille seo. Sílim gur chóir dúinn go léir a bheith macánta faoin teanga. Léigh mé an tuarascáil a chuir an Coimisinéir Teanga amach anuraidh. Dúirt sé go han-soiléir go bhfuilimid ag caitheamh 1,500 uair múinteoireachta agus €500 milliún gach bliain ag múineadh na Gaeilge do leanaí na tíre seo. Dúirt sé go raibh díomá air — tá díomá orainn go léir — faoin chaighdeán agus faoin chumas sa Ghaeilge labhartha atá ag formhór mhuintir na tíre.

Sílim gur chóir go mbeimis macánta faoin ábhar seo. Bheadh sé i bhfad ní b'éasca do pholaiteoirí gan rud ar bith a rá faoin teanga. Dúirt mé gur chóir dúinn breathnú ar na struchtúir agus an chaoi múinteoireachta chomh maith leis na háiseanna atáá dtabhairt againn do mhúinteoirí na tíre chun níos mó béime a chur ar an teanga agus deireadh a chur leis an éigeantacht. Dúirt mé chomh maith gur cheart go mbeadh scrúdú béil ann don teastas sóisearach agus go ndéanfaí athstruchtúrú ar an gclár don ardteist.

Ba cheart dúinn i bhfad ní ba mhó béime a chur ar chúrsaí drámaíochta, spraoi agus teanga labhartha chun go mbeimid i bhfad níos láidre ó thaobh na teanga de taobh istigh de chúpla bliain. Dhírigh beagnach chuile dhuine isteach ar an éigeantacht amháin. Dúirt siad go mbeimid ag laghdú na Gaeilge agus chumas na teanga, agus mar sin de. Cuirfidh mé fáilte roimh an am a mbeimid in ann díospóireacht iomlán a bheith againn i nDáil Éireann faoi na deacrachtaí seo agus faoi chomh báúil agus atáimid go léir don teanga. Séard atá i gceist agamsa agus ag Fine Gael ná an Ghaeilge a neartú agus a láidriúó cheann na tíre. Ó thaobh an Bhille seo de, bhí mé ag caint le húdaráis Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Aontaím leo gur chóir go mbeadh leasú ann ar an Acht a tháinig isteach i 1929.

Mar a dúirt an Teachta McGinley faoi Earnán de Blaghd agus Risteárd Ua Maolchatha agus iad siúd a bhí an-láidir i leith an Ghaeilge a chur chun cinn, bímis macánta faoi go raibh deacrachtaí ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ollamh faoi leith a mhealladh don ollscoil. Séard atá i gceist anseo ná leasú a thabhairt isteach chun deireadh a chur le héigeantacht maidir le Gaeilge a bheith ag ollamh atá ag dul isteach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Ina áit sin, bheadh plean straitéiseach leagtha amach agus ceann de na haidhmeanna sa phlean sin go mbeadh an Ghaeilge, múinteoireacht na teanga agus ábhair as Gaeilge ar fáil taobh istigh den choláiste agus, mar atáá dhéanamh acu faoi láthair in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, cúrsaí as Gaeilge taobh amuigh den choláiste freisin. Is maith an rud é sin agus aontaím leis an leasú.

Bhí mé ag caint ar údaráis na hollscoile. Bhí raic ar siúl. Bhí mé thíos oíche amháin, agus bhí 300 duine ag an léacht agus díospóireacht a bhí ann. Dúirt duine éigin go raibh an tAire, an Teachta Ó Cuív, ag insint bréaga faoi seo, rud a shéan sé, go nádúrtha. Bhí díospóireacht an-láidir ann faoin leasú agus an sórt creata a bheadh ar an Ghaeilge as seo amach. Mar sin, aontaím leis an leasú seo.

Mar a dúirt an Teachta McGinley, sílim ón Acht — agus is féidir leis an Aire é seo a rá— cibé uachtarán a bheidh ann deich nó 20 bliain amach romhainn, beidh air nó uirthi an plean straitéise a chuirfidh an ollscoil i gcrích a chur i bhfeidhm aríst. Más é sin atá i gceist, go mbeidh an Ghaeilge á cur chun cinn mar dhualgas agus aidhm den straitéis, cibé uachtarán a thiocfaidh isteach agus cibéúdarás a bheidh ann 30 bliain amach romhainn, beidh orthu an straitéis sin a chur i gcrích. Táimid ag baint éigeantachta amháin ón ollscoil ó thaobh cumas sa Ghaeilge a bheith ag na hollaimh de. Ina áit sin, táimid ag cur riachtanais agus éigeantachta eile isteach go mbeidh dualgas ar údaráis agus uachtarán an choláiste an plean sin a chur i gcrích as seo amach.

Bímid ag argóint leis an Aire anois agus aríst. Dá mbeadh an Teachta Enright nó McCormack thall ansin mar Aire Oideachais agus Eolaíochta agus an Teachta Hanafin anseo, an aontódh sí linne dá mbeimis ag tabhairt leasaithe den chineál seo isteach maidir le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.