Dáil debates

Thursday, 9 February 2006

University College Galway (Amendment) Bill 2005 [Seanad]: Second Stage.

 

2:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Is trua go bhfuil deifir orainn leis an Bhille seo mar tá a lán ann, in ainneoin nach bhfuil ach dhá leathanach i gceist. Taobh thiar de, tá ceist mhór na Gaeilge agus an tslí a bhfuil an Stát ag caitheamh léi ó bunaíodh é. Tá an ceart ag an choláiste agus ag an Aire gur chóir leasú a dhéanamh ar an bhunAcht. Sa bhunAcht sin, tá a lán rudaí eile ar chóir dúinn díriú isteach orthu, áfach. Níl muid ach ag déanamh mionathraithe ar an Acht. Ní Acht rófhada é; níl ach dhá leathanach i gceist anseo ach oiread. Ba chóir go mbeimis ag tógáil an ama atá againn sa Teach seo le déileáil leis an cheist seo i gceart, nach ceist Ollscoil na Gaillimhe í go díreach. Ba cheart dúinn díriú isteach ar cheist na n-ollscoileanna ar fad seachas athrú amháin a dhéanamh anseo agus leanúint ar aghaidh leis an dualgas breise a bhíodh ar Choláiste na hOllscoile i nGaillimh i gcónaí. Ba chóir dúinn an dualgas sin a thabhairt do na hollscoileanna ar fad.

Tá ról mór agus obair iontach déanta ag Coláiste na hOllscoile thar na blianta. Bhí m'athair agus m'aintín ar an choláiste sin agus nuair a d'fhreastail siad ar an ollscoil, dhein siad a gcúrsaí uilig trí mheán na Gaeilge. Ní raibh an deis sin ag na mic léinn sna hollscoileanna anseo i mBaile Átha Cliath. D'fhreastail mé féin ar UCD agus bhí cead agam an scrúdú a dhéanamh as Gaeilge, ach ní raibh na cúrsaí ar fáil i nGaeilge.

Is botún é go bhfuilimid ag deifriú mar ní gá ach féachaint ar an phrácás a bhí ann ar maidin agus aríst um thráthnóna i leith na leasuithe ar an Bhille um Chomhairle Múinteoireachta. Má tá deifir orainn nó má dhéanaimid iarracht brostú i leith reachtaíochta, déanfaimid botúin. Measaim go mbeimid ag teacht ar ais chuige seo toisc go bhfuil easnaimh ann, agus measann a lán daoine go bhfuil an leasú atá os ár gcomhair ró-lag agus nach bhfuil na fiacla aige a theastaíonn uaidh. Ba chóir go mbeadh sé i bhfad ní ba dhearfaí, agus ba chóir cur leis an méid atá sa Bhille cheana féin seachas aisghairm iomlán ar an chuid sin den reachtaíocht.

Ba é cosaint agus cur chun cinn a bhí i gceist nuair a cuireadh an tAcht le chéile ar dtús, agus ba é Earnán de Blaghd ó Chumann na nGaedhael a dhein é. Anois, is oth liom go bhfuil an páirtí a shíolraigh uaidh ag fáil réidh leis an chosaint sin a rinneadh ag an am. Thuig sé gur gá tacaíocht a bheith ann, crann taca le déanamh cinnte go bhfuil céim in airde ag Gaeilgeoirí, múinteoirí, ollaimh agus ag gach uile leibhéal, ionas go mbeadh ollscoil éigin ar an oileán seo ag tabhairt tús áite don Ghaeilge. Níl sé sin ann. Níl ollscoil le Gaeilge ann, ach tá Coláiste na hOllscoile i nGaillimh ann. Is é an teideal ceart atá uirthi ná Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is oth liom nach bhfuil an teideal sin ar an Bhille.

Agus muid ag déileáil le leasuithe, chuireamar trí leasú síos in iarracht díriú isteach ar na ceisteanna a bhfuil mé tar éis a ardú. Fuair mé freagra i dtaca le roinnt acu ón Cheann Comhairle: "I regret to inform you that amendments Nos. 6, 7 and 8 tabled by you for Committee Stage of the Bill must be ruled out of order as they are outside the scope of the Bill." Táimid ag déileáil le hollscolaíocht agus dualgais mar gheall ar an Ghaeilge ó thaobh coláiste amháin de. Bhí na trí leasú sin dírithe ar dhéileáil leis na coláistí eile atá faoi scáth Ollscoil na hÉireann agus ligint don Aire rud difriúil ina iomláine a thabhairt isteach ar an Bhille. Tá sé sin athraithe.

Is é an cheist mhór ná cá bhfuil an ollscoil Ghaeilge. Cá bhfuil an plean chun í a chur i réim? Is é an méid a bheadh i gceist ná ollscolaíocht ina iomláine trí mheán na Gaeilge. Níl sé sin ag an Rialtas. Cén fáth?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.