Dáil debates

Tuesday, 7 February 2006

5:00 pm

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)

Ní chuirfidh mé moill ar an Teach, ach is féidir liom a rá go bhfuil an tAcht an-tábhachtach i saol na tíre seo má táimid i ndáiríre faoin Ghaeilge. Táim den tuairim go mbeadh an Rialtas sásta go mbeadh díospóireacht ann dá mbeadh sí ag teastáil ón bhFreasúra. Táim ag rá thar ceann an Chomhaontais Ghlais go bhfuilimid ag iarraidh díospóireachta ar an gceist seo agus go bhfuil sé tábhachtach go dtuigfeadh na heagraíochtaí poiblí a ainmneofar anseo cad go díreach atá i gceist, dár linne, ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla de. Táimid ag cur i gcoinne Uimh. 11 anseo de bharr go bhfuilimid ag iarraidh díospóireachta. Táimid ag súil go mbeidh an Rialtas sásta díospóireacht a thabhairt dúinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.