Dáil debates
Wednesday, 7 December 2005
Requests to move Adjournment of Dáil under Standing Order 31.
10:30 am
Michael D Higgins (Galway West, Labour)
Is mian liom fógra a thabhairt don Cheann Comhairle faoi Bhuan-Ordú 31 go bhfuil sé ar m'intinn iarraidh air an Dáil a chur ar athló maidin inniu chun an cheist phráinneach seo a phlé: cáilliúint 89 post ag Maysteel Teo. in Indreabhán, Contae na Gaillimhe, agus an gá le cruinnithe a eagrú idir na hAirí atá freagrach, is é sin, an tAire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta, an Teachta Martin, agus an tAire Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an Teachta Ó Cuív, agus ionadaithe na n-oibrithe agus Údarás na Gaeltachta.
No comments