Dáil debates
Wednesday, 26 October 2005
Criminal Justice Bill 2004: Second Stage (Resumed).
5:00 pm
Joe Higgins (Dublin West, Socialist Party)
Maidir le leathnú cumhachta a thabhairt don Gharda Síochána anseo, caithfidh mé a rá go gcuirim ina aghaidh go mór. Níl aon réiteach anseo d'fhadhbanna móra na sochaí, agus fadhbanna coiriúlachta go mórmhór. Táim in aghaidh an leathnú cumhachta a thabhairt do Cheannfort an Gharda chun barántas cuardaigh a eisiúint seachas go gcaithfeadh na gardaí dul os comhair giúistís. Is é m'eagla go mbainfear mí-úsáid as cuid de na cumhachtaí seo faoi mar a deineadh cheana.
Dá bhrí sin, ní sa Bhille seo a gheofar an moladh atá ag teastáil uainne chun tír, sochaí agus saol níos fearr a dhéanamh dár ndaoine féin.
No comments