Dáil debates

Wednesday, 26 October 2005

 

Decentralisation Programme.

1:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Arís, beidh orm na mionsonraí a fheiceáil, mar, de réir mar a thuigim, ní státseirbhísigh iad an chuid is mó d'fhoireann Fhoras na Gaeilge. Níl mé cinnte an ndearnadh an t-athrú ariamh maidir leis na poist a tháinig ón nGúm go Foras na Gaeilge, agus cuirfidh mé deimhniú chuig an Teachta maidir le seasamh fostaíochta na ndaoine eile. Tá an chuid eile den fhoireann, de réir mar a thuigim, fostaithe ag an bhforas, agus mar sin, tá sé cosúil le foras Stáit ar bith. Tá sé sin le rá go bhfuil siad fostaithe ag an bhforas, agus níl siad inaistrithe ar an gcaoi chéanna a mbeadh státseirbhísigh. Is daoine speisialta atá ag obair sa nGúm, agus níl siad inaistrithe i gcónaí, fiú más státseirbhísigh iad go teicniúil.

Maidir leis an gcuid eile, ar ndóigh, na státseirbhísigh sna Ranna, tá riail ar bun go mbíonn daoine ag dul ó Roinn go Roinn an t-am ar fad. Déanann sé sin an jab níos éasca ó thaobh dílárnú rannóga Rialtais de ná mar atá sé le forais Stáit. Maidir le dílárnú Fhoras na Gaeilge agus an t-amscála, glacaim leis go mbeidh sé sin leagtha amach go soiléir ag príomhfheidhmeannach an fhorais sa bplean feidhmiúcháin atá le cur chugainn roimh dheireadh na bliana. Níor mhaith liom ní ba mhó a rá faoi sin go bhfeicfidh mé an plean a chuirfidh sé chugainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.