Dáil debates

Wednesday, 22 June 2005

Garda Síochána Bill 2004 [Seanad]: Report Stage.

 

4:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Léiríonn sé seo an tslí scannalach atá ag an Aire ó thaobh leasuithe de agus an t-am gairid a thug sé dúinn déileáil leis na ceisteanna seo. Níl mé i gcoinne an leasaithe 's aige, tá mé i gcoinne na slí ar tugadh é seo dúinn níos luaithe ón liosta glas, agus ansin tháinig an leathanach bán le hathrú eile, substitute amendment. Léiríonn sin an deifir atá ar an Aire agus go bhfuil sé ag déanamh botúin.

Seo sampla beag den sórt botúin atá sé ag déanamh, fiú ag dréachtú leasuithe. Má tá sin i gceist i leasú teicniúil, cad é atá istigh sna leasuithe móra eile os ár gcomhair? Cruthaíonn seo an pointe a rinne mé ar maidin gur chóir dúinn dul ar ais go Céim an Choiste. Is oth liom nach raibh an tAire anseo le déileáil leis an díospóireacht sin. Ba chóir go mbeadh na leasuithe ar fad sa cháipéis amháin gur féidir linn déileáil léi seachas bheith ag dul ó phíosa páipéir go píosa páipéir eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.