Dáil debates

Wednesday, 25 May 2005

Disability Bill 2004: Report Stage (Resumed).

 

6:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Arís, tuigim cad atáá rá ag an Aire, ach ní aontaím go hiomlán leis. Chuirfeadh an leasú leis an reachtaíocht dá nglacfaí leis. Déanann sé iarracht déileáil leis an cheist seo, mar a bhí mé féin ag iarraidh a dhéanamh sna leasuithe a rialaíodh as ord. Is é an rud bunúsach atá i gceist ná go mbeadh na seirbhísí atá de dhíth faoi láthair ar fáil roimh i bhfad. Fiú muna bhfuil an tseirbhís sin ar fáil anois, bheadh a fhios againn go mbeadh sí ar fáil taobh istigh de bhliain nó mar sin. Sin an méid atá i gceist nuair a deirtear, "identifying the services which are required but which are currently unavailable, resulting in unmet needs of the persons assessed, with a view to making those services available".

Mar a dúirt mé, bhí mé sásta dul níos faide, ach sa deireadh thiar thall, aontaím leis an méid a bhí le rá ag an gCoimisiún um Chearta Daonna nuair a dúirt sé gur ghá na hacmhainní a chinntiú i leith na ceiste seo. Faoi láthair, is féidir leis an Rialtas casadh timpeall i gceann cúpla bliain agus a rá nach bhfuil na hacmhainní aige agus go gcaithfimid gearradh siar. Sa chás sin, beidh níos mó seirbhísí ann nach mbeidh ar fáil. B'fhéidir go dtarlódh sé sin. Tá muidne ar an taobh seo den Teach ag iarraidh déanamh cinnte de amach anseo go mbeidh na seirbhísí ar fáil go leanúnach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.