Dáil debates

Thursday, 19 May 2005

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Mar is eol don Teachta, tá sé sin mar ábhar i cheist eile inniu. Tá freagra site sa mbeart. Ba mhaith liom a dheimhniú leis an Teachta go bhfuil sé i gceist dul ar aghaidh le sin. Tá cruinnithe ar bun. Mar is eol don Teachta, caithfidh mé aontas a fháil ó na húdaráis ó Thuaidh chomh maith le aontas a fháil ón Rialtas anseo. Tá na comhráite sin ar bun i gconaí. Bhí toghchán sa mBreatain le gairid, mar is eol don Teachta. Chuir sé sin as beagáinín go chúrsaí. Tá an toghchán sin thart agus tá Aire Stáit nua ceapaithe sa roinn fóilíochta ó Thuaidh. Tá súil agam go mbeidh deis agam brú ar aghaidh le sin.

Cloisim daoine ag cur ceisteanna orm maidir le Gaoth Dobhair. Mar is eol don Teachta, is áit iontach í Gaoth Dobhair. Tá na háiseanna ag forbairt ann an t-am ar fad. Tá na háiseanna oideachais ag forbairt an-tapaidh ann. Tá obair iontach ar bun ag Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Creidim féin, le fás oifig an Údaráis — tá oifig ag mo Roinn ann——

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.