Dáil debates

Wednesday, 11 May 2005

Electoral (Amendment) Bill 2005: Second Stage (Resumed).

 

12:00 pm

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)

Is féidir leis an Aire litir a scríobh chuig an nuachtán ag rá go bhfuil botún déanta. Tá sé ag déanamh tagartha don Stát agus d'Fhianna Fáil. An bhfuil an tAire agus a pháirtí sásta go bhfuil PRSTV againn? An ndéanfaidh Fianna Fáil iarracht é a athrú arís?

Is féidir, áfach, feabhas a chur ar an gcóras. Ó Thuaidh, tá"topping up" glactha ag an Tionól agus sa Ghearmáin tá córas liosta ann. Tá sé tábhachtach a chur in iúl don phobal nach ionann gach páirtí. Leis an gcóras faoi láthair, tá go leor daoine a cheapann go bhfuil Teachtaí Dála uile mar an gcéanna agus nach dtuigeann go bhfuil polasaithe i gceist nuair a théann Teachtaí os comhair an phobail. Níl a fhios acu go bhfuil sé de cheart acu vóta a chaitheamh le páirtí de bharr polasaithe. Níl sin sa chóras in Éireann mar níl liosta ann agus is fiú féachaint air sin le suim a spreagadh i measc an phobail.

Tá cur amú airgid luaite ag go leor daoine ó thaobh chaiteachais phoiblí. Ní dhéanfaidh daoine dearmad go deo an cur amú airgid ar an chóras vótála leictreonach. Tá súil agam go bhfuil ceacht foghlamtha ag an Rialtas faoi sin anois. Ní cheart córas nua ar bith a thabhairt isteach gan paper trail agus córas trédhearcach sa dóigh is gur féidir le daoine a fheiceáil cá dtéann an vóta. Níor tharla sin leis an gcóras leictreonach agus, níos measa fós, bhí sé níos deacra do dhaoine dalla bheith páirteach sa gcóras. Nuair atá Bille Míchumas ag dul tríd an Dáil, caithfimid déanamh cinnte nach ndéanfaimid níos deacra do dhaoine vóta a chaitheamh.

Tá ceist airgid ann agus ceist níos bunúsaí ná sin: an ceart ag gach duine a vóta a chaitheamh. Tá mé anseo mar gheall ar chóras vótála leictreonach ach tá sé tábhachtach an córas a choimhéad mar atá cionn is go bhfuil taithí ag daoine air agus is maith leo é. Más maith leo é, cén fáth nach féidir é a choimhéad? Tá cúlra agus traidisiún ag baint leis an chóras agus spreagann sé suim sa pholaitíocht, rud atá ag teastáil.

Tá daoine ag scríobh chugam óáiteanna ar nós Sasana a íocann cáin sa Stát seo de bharr go bhfuil pinsean acu nó a oibríonn anseo ó am go chéile. Tá seoladh acu i Sasana agus mar thoradh air sin níl cead acu vótáil. Beidh tinneas ar go leor Éireannaigh i Sasana nach mbeidh siad in ann sin a dhéanamh. Má tá muid i ndáiríre faoin tír seo mar gheilleagar oscailte, cén fáth nach dtig linn a rá máíoctar cáin don Státchiste, ba cheart vóta a bheith ag duine.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.