Dáil debates

Wednesday, 11 May 2005

Electoral (Amendment) Bill 2005: Second Stage (Resumed).

 

12:00 pm

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)

Is Bille suimiúil é seo, gan amhras, do gach Teachta Dála, dá bharr go mbaineann sé leis an tslí bheatha atá againn — an Bille Toghcháin (Leasú) 2005 — ach, le cúnamh Dé, beidh suim ag an bpobal ann chomh maith, cé go mbíonn go leor daoine á rá go bhfuil níos lú daoine ná ariamh páirteach i gcúrsaí polaitíochta. Ní mar sin atá séó thaobh mo pháirtí de, atá ag dul i méid. Tá sé tábhachtach go ndéanaimid tagairt do na ceisteanna níos luaithe inniu chuig an Taoiseach faoi the citizenship task force. Tá an Bille seo chomh tábhachtach agus tá sé ceangailte leis an méid suime atá ag an phobal i gcúrsaí polaitíochta.

Luaigh an Teachta McHugh ceist na teorann atá i lár an Bhille. Tá gearán ag muintir i gContae Liatroim agus Contae Sligeach faoin neamhaird ar theorann a gcontae. Má tá muid ag iarraidh suim sa pholaitíocht a mhúscailt, ba cheart éisteacht leis an teachtaireacht sin agus a aithint go bhfuil daoine dílis don chontae agus go dtuigeann siad cúrsaí ann níos fearr ná a thuigeann siad cúrsaí ag baint le haonad oifigiúil bréagach. Tá sin luaite ag a lán Teachtaí agus tá súil agam go n-éistfidh an tAire leo. Ní ligfidh muintir Liatroma don Aire dearmad a dhéanamh faoi. Is féidir sin a leasú anois agus an ceart a thabhairt do na daoine sin a dTeachta a thoghadh.

Rinne Fianna Fáil iarracht an córas vótála a leasú. Sa Vancouver Sun Observer, atá ag déanamh tagairt don chóras STV, tá alt:

The STV: What the Irish have learned.

Okay, relax, it isn't that complicated or rather it is, but you don't need to know exactly how it works (you don't know how a DVD works, either), only that it does. Just ask the Irish, they have been using it since 1922 and twice have rejected changing it.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.