Dáil debates
Wednesday, 20 April 2005
Order of Business.
12:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Cosúil leis na daoine eile a labhair romham ba mhaith liom deá-ghuí a chur chuig an Papa nua agus go n-éireodh leis san obair mhór roimhe. Is léir go bhfuil a lán fadhbanna agus díospóireacht le theacht san Eaglais Chaitliceach. Beidh sé de dhualgas ar an cheannaire nua na heaglaise seo déileáil leis na fadhbanna agus díospóireachtaí sin go hoscailte agus éisteacht agus meas a thabhairt le gach tuairim a chuirfear roimhe agus roimh an eaglais. Ní hiad na cléir bunús na heaglaise ach na gnáthdhaoine agus tá a lán daoine ag déanamh oibre maithe i measc pobal áitiúla timpeall an domhain agus ar son na córa. Tá súil agam go dtiocfaidh a lán acu chun cinn amach anseo san Eaglais Chaitliceach.
No comments