Dáil debates

Tuesday, 19 April 2005

Social and Affordable Housing: Motion.

 

7:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tá lúcháir orm deis a bheith agam labhairt ar an rún tábhachtach seo, a bhaineann leis an fhadhb tithíochta ar fud na tíre. Ba mhaith liom tréaslú le mo comhleacaithe, an Teachta O'Dowd, a chuir an rún tráthúil atá á phlé againn inniu os comhair na Dála. I mBunreacht na hÉireann, aithnítear an chlann mar an rud is tábhachtaí sa tír. Aithnítear an chlann mar an rud is tábhachtaí sa tír seo. Níl aon rud níos tábhachtaí le clann sláintiúil, folláin, sonas a bheith ag duine ná teach maith a chur ar fáil di. Sí an teip is mó atá orainn le blianta anuas, go speisialta ó tháinig an tíogar Ceilteach chun cinn ná go bhfuil teip orainn sin a dhéanamh. Mar a dúirt an Teachta O'Dowd, i láthair na huaire tá 100,000 sa tír nach bhfuil ar a gcumas tithe a chur fáil dóibh féin. Tá siad ag fanacht le tithe agus ar liostaí feithimh na gcomhairlí contae agus na n-údarás áitiúil, cuid acu le blianta fada. I dtír shibhialta, Chríostúil, ní rud maith sin. I dTír Chonaill, tá 3,000 ag fanacht le teach úr agus tá an figiúr sin ag méadú bliain i ndiaidh bliana.

Tá athscrúdúá dhéanamh ag na comhairlí contae agus na húdaráis áitiúla ar na liostaí sin agus tá súil agam nach iarracht é seo an liosta a choinneáil síos. Caithfidh na daoine atá ag fáil na bhfoirmeacha iad a líonadh agus a chuir isteach gan botún mar ní chuideodh sin lena gcás.

Bhí traidisiúin láidir i gcónaí ag muintir na Gaeltachta a dteach féin a chur ar fáil. Is cuma cén ceantar Gaeltachta a dtéann duine ann, tá tithe ansin agus go minic, thóg na daoine iad féin iad agus bhí siad an-bhródúil astu. Bhí muid i gcónaí buíoch don Stát agus do Roinn na Gaeltachta a chuir deontais ar fáil san am a chuaigh thart. I láthair na huaire is fiú €5,100 é sin. D'iarrfainn ar an Roinn sin a ardú ach cionn is nach bhfuil deontas de chineál ar bith in áit ar bith eile sa tír, tá sé níos deacra an cás sin a dhéanamh.

Tá sé uafásach go gcosnaíonn teach anseo i mBaile Átha Cliath €300,000. Cén áit gur féidir le daoine óga atá tar éis pósadh theacht ar airgead den chineál sin? Cé go bhfuil 80,000 teach tógtha sa tír anuraidh agus i mbliana, tá an-chuid de na tithe sin ag dul go daoine nach é an chéad teach dóibh é. Tá siad ag dul go infheisteoirí, daoine le hairgead mór ar chúis amháin nó ar chúis eile, agus in ionad an t-airgead a infheistiú i ngné eile d'eacnamaíochta na tíre, tá siad ag infeistiú i dtithe agus trí nó cúig tithe acu cheana agus iad ina milliúnaí nuair nach bhfuil daoine óga nach bhfuil ábalta tithe a cheannach.

Tá cuid mhór den locht agus an freagracht ar an Rialtas agus na polasaithe a lean sé le seacht mbliain anuas. Is cuimhin liom deich mbliain ó shin, b'uafásach an praghas ar theach sna Stáit Aontaithe nó i Mór-Roinn na hEorpa. Anois, áfach, cuireann sé alltacht ar dhaoine go bhfuil luachanna na dtithe sa tír seo i bhfad níos airde ná mar atá siad sna tíortha sin. Tá botún eacnamaíoch déanta agus is cinnte nach bhfuil an Rialtas ag déanamh iarrachta é a cheartú.

Tá go leor seandaoine sa tír ina gcónaí leo féin agus fonn orthu obair riachtanach deisiúcháin a dhéanamh ar a dteach. Nuair a chuireann siad iarratas isteach, tá an t-airgead gann agus bíonn siad ag fanacht leis na blianta fada leis an obair iontach tábhachtach seo a dhéanamh ar na tithe. Is ceart don Aire Stáit agus an Rialtas a dhíriú isteach ansin agus tuilleadh airgid a chur ar fáil sa dóigh is go mbeidh sé ar chumas na ndaoine seo essential repairs, disabled persons repair grant agus housing aid for the elderly a fháil, rud nach bhfuil ag tarlú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.