Dáil debates

Thursday, 14 April 2005

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Glacaim gur chuala an Ceann Comhairle an cheist a chuir an Teachta orm ansin. Is ceist í sin don CPP agus tá mé cinnte go dtuigeann an Ceann Comhairle, i nGaeilge nó i mBéarla, an pointe sin. Aontaím leis an Teachta. Bheadh an rud eile ar nós mar a bheadh ar láithreoir teilifíse agus ní fheicfí é. Le cúnamh Dé, chuala an Ceann Comhairle an bheirt againn agus díreoidh sé ar an gceist sin.

Ag dul ar ais chuig fadhb na múinteoirí, tá bunús léi. Ag glacadh go bhfuil an ceart ag an Teachta agus go bhfuil fadhb ann go bhfuil go leor múinteoirí nach bhfuil Gaeilge acu, b'fhéidir gurbh fhearr dúinn teilifísí a cheannach, iad a chur sa rang agus uair a chloig de "Cúla Búla" a chur ar bun chuile lá. Thaitneodh sin leis na páistí agus b'fhéidir go bhfoghlaimeoidís i bhfad níos mó Gaeilge ón teilifís ar a labhraítear Gaeilge mhaith ná mar a bhfoghlaimeoidís ó mhúinteoir nach bhfuil an teanga aige. Má aithnítear an fhadhb go fuar-chúiseach, go minic tá réiteach fíor-fheicthe ar an bhfadhb ach daoine a bheith oscailte go bealach eile breathnú ar an gceist. Sin an rud a ba mhaith liom a thabhairt don díospóireacht seo. Tá an teicneolaíocht ann anois. Ní gá go mbeidh an múinteoir sa rang ag teagasc na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.