Dáil debates

Thursday, 24 March 2005

Human Rights Issues: Motion.

 

12:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Ar ndóigh, aon uair dá ndéantar iarracht cinsireacht a dhéanamh ar ionadaí atá tofa go daonlathach, labhróidh Sinn Féin ina choinne. Curimid i gcoinne an tslí a bhfuil réimeas Mugabe tar éis déileáil le Roy Bennett. Tá triail chothrom agus próiséas cuí diúltaithe dó, agus tá an píonós atá gearraithe air go hiomlán éaguimseach. Tacaimid leis an éileamh go scaoilfear saor Roy agus leis an rún os ár gcomhair.

Cuireann an ciapadh atáá dheanamh agus atá ar siúl ag réimis bhrúidiúlacha eile timpeall an domhain ar ionadaithe atá tofa go daonlathach buairt orainn chomh maith. Glacaim an deis seo chun éileamh go saorfaí Aung San Suu Kyi. Tá sé mícheart chomh maith gur gá do Rialtas Tibet, a bhí tofa go daonlathach, teacht le chéile thar lear i nDharamsala. Meabhraím ar an ócáid seo chomh maith gur chuir fórsaí slándála ón Iosrael as do agus gur ghabh siad ar roinnt ócáidí difriúla Mustafa Barghouti le linn fheachtas toghchánaíochta uachtaránachta an Phailistín, agus cuirimid ina choinne sin mar aon leis an chosc atá ar na páirtithe polaitiúla daonlathacha, Herri Batasuna, Euskal Herritarrok agus Batasuna agus an cosc ar Theachtaí Dála agus na céadta comhaltaí tofa eile de chuid an pháirtí sin.

Déanaimid an gearán agus an agóid is láidre i gcoinne an choisc de chuid Rialtas na Túirce atá i bhfeidhm faoi láthair i gcoinne 13 polaiteoirí Cordacha toisc go raibh tionól a bpáirtí ina dteanga féin, an Chordais, seachas i dteanga na himpiriúlachta, an Túircis. De bharr an chórais, d'fhéadfaí sé mhí príosúnachta a ghearradh orthu sin. Tá sé sin míchóir, agus níl sé ag dul le cearta daonna. Má leanann Rialtas na Túirce ar aghaidh leis seo, ba chóir go gcuirfí stad lena iarratas ballraíocht an Aontais Eorpaigh a bhaint amach. Is gá don Teach seo seasamh a ghlacadh ar an diúltú seo ar chearta daonna.

On this, the 100th anniversary of Sinn Féin, we acknowledge the sacrifices made by Sinn Féin's democratically elected representatives unjustly jailed since 1905, and we pay tribute to those elected while political prisoners, especially Bobby Sands MP and former Deputy Kieran Doherty, who died on hunger strike protesting against the policy of criminalisation of our struggle. In particular we regret that the loyalist assassins of Sinn Féin's elected representatives, John Davey, Bernard O'Hagan and Eddie Fullerton, have never been brought to justice.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.