Dáil debates

Thursday, 24 March 2005

Irish Language: Statements (Resumed).

 

11:00 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Ba mhaith liom, i dtosach báire, buíochas a ghabháil leis na Teachtaí ar fad a ghlac páirt sa díospóireacht.

Bíonn rud amháin ag cur isteach orm beagáinín. Am ar bith a labhraíonn Gaeilgeoirí Gaeilge, bíonn siad beagáinín amhrasach go praiticiúil an bhfuileadar ag brú Gaeilge ar dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu. Go mórmhór sa Teach seo, smaoiníonn daoine, le go dtuigfí iad, go gcaithfidh siad Béarla a labhairt. In aon pharlaimint eile ar domhan a bhfuil córas comhuaineach inti, ní ghlacfar lena leithéid sin de chaint. Tá an córas sin ann le go dtuigfidh daoine iad. I bParlaimint na hEorpa, má labhraíonn duine Fraincis — níl aon Fhraincis agam ar fiú caint uirthi — níl aon dul as agam ach na cluasáin a chur orm, agus tá an teanga ann.

Tá an chosúlacht ar an scéal i gcónaí go mbíonn daoine ag samhlú go bhfuil daoine ag brú Gaeilge ar dhaoine. Is é a mhalairt atá fíor, ar chúinsí praiticiúla. Má tá comhluadar ann agus Béarlóir amháin ina measc, is é an nós atá ann ná go n-iompaíonn chuile dhuine ar an mBéarla. Níl méá rá go bhfuil sé sin mícheart, ach sin an nós atá ann, agus níl éinne ann, ar an eolas agamsa, a ghearrann daoine amach mar nach bhfuil Gaeilge acu. Is finscéal é go bhfuil líon mór Gaeilgeoirí ag brú Gaeilge anuas ar dhaoine agus nach bhfuil siad sásta labhairt i mBéarla le daoine nach bhfuil Gaeilge acu.

Is é an dara rud náé seo. Le 50 bliain, má bhíó na Gaeilgeoirí aon seirbhís a fháil trí Ghaeilge, chaithfidís dul a throid ar a son. Ceann de na haidhmeanna a bhí ag an Acht teanga ná go mbeadh a gcearta ar fáil ag Gaeilgeoirí. Bímid i gcónaí ag caint ar cheartas sa Teach seo. Ba cheart go mbeadh a gcearta ar fáil ag Gaeilgeoirí gan dul chun dlí chun iad a éileamh. Ar an taobh eile den scéal, bheadh na cearta sin soiléir. Ní féidir le daoine rudaí míréalaíocha a éileamh. Sa gcomhthéacs sin, creidim féin go bhfuil an tAcht teanga meáite.

Tá daoine ag casaoid, tugaim faoi deara. Is é an chasaoid is mó a chloisim faoin Acht teanga ná go bhfoilsítear rudaí i nGaeilge agus nach léann daoine iad. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin fíor, ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos, is iomaí an rud a fhoilsítear i mBéarla sa tír seo. Faighim barra lán de stuif a thagann isteach san oifig in aghaidh na seachtaine, agus níl a fhios agam an léann éinne leath den stuif a fhaighim i mBéarla. Tá 90% de i mBéarla amháin. Níl éinne buartha faoin gcostas a bhaineann le heagarthóireacht, réiteach agus mar sin de.

Ní ach 600 doiciméad sa mbliain é as na mílte doiciméad ar fad a chuirtear ar fáil a chaithfear a chur ar fáil go dátheangach. Go tobann, tá ceist mhór faoin gcostas agus fadhb ann. Ní dóigh liom go léann éinne na doiciméid seo ó thús go deireadh i nGaeilge nó i mBéarla, i bhFraincis nó in Hiondúis. Ní léifidís ach oiread iad, ach sin an córas ina mairimid — go gcuirtear an t-uafás rudaí ar pháipéar. Tá a fhios agam féin go bhfuil mé tinn tuirseach ag fáil tuarascálacha atá chomh tiubh sin. Fiú dá mbeadh an t-am ar fad ó cheann go ceann na bliana agam, níorbh fhéidir liom iad a léamh, ach sin mar atá an saol. Rud amháin a thiocfaidh as seo ná go ngearrfaidh chuile dhuine na tuarascálacha seo síos go dtí na rudaí tábhachtacha.

Ar aon chaoi, go hiondúil, craobhscaoiltear na rudaí atá ar thuarascálacha tríd na meáin. Sin an chaoi a ndéantar craobhscaoileadh ar rudaí. Tá an ceart céanna ag meáin na Gaeilge leagan oifigiúil Gaeilge de na tuarascálacha seo a bheith acu go díreach mar a bhíonn siad ag na meáin Bhéarla. Tá mé cinnte gur áis iontach é dá leithéid de TG4, Raidió na Gaeltachta agus Raidió na Life go bhfuil na cáipéisí seo ar fáil i nGaeilge agus ar an lá a fhoilsítear iad. Tá an bunleagan acu gur féidir leo siúd a dtuairisc a dhéanamh i measc an phobail.

Ní chreidim go bhfaighidh an Ghaeilge bás. Tá dóthain daoine a labhrann Gaeilge lena gcuid páistí de rogha agus roghnóidh siadsan Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí féin. Má leanfaidh daoine á dhéanamh sin, níl aon bhaol don Ghaeilge bás a fháil.

Bhí b'fhéidir 500 duine ina gcónaí i gCnoc na Cathrach nuair a rinne Gaeltacht de i 1956. Tá 14,000 sa cheantar sin anois agus tá chuile sheans go bhfuil fós 500 Gaeilgeoir ann. Tá Gaelscoil ansin agus tá daoine i mo Roinn féin a labhraíonn Gaeilge achan lái gcónaí ann. Sin an fhadhb leis an Ghaeltacht, níl sí chomh simplí sin. Ní dhéarna an t-iarAire, an Teachta Michael Higgins, tada faoin gceist seo. Tá sé mínithe agam go soiléir arís agus arís eile cén chaoi a bhfuil mé ag déileáil le moladh Choimisiún na Gaeltachta le ceist teorainneacha na Gaeltachta ach ní ceist shimplí é.

I 1955, rinneadh anailís ar dhaonra labhartha Gaeilge na Gaeltachta. Oibríodh amach ag an am sin go raibh thart ar 35,000 cainteoir dúchasach Gaeilge sa nGaeltacht. An rud aisteach ná má fhéachaimid ag na figiúirí atá ann anois, níl athrú air sin. Tá an Ghaeltacht níos líonmhaire agus tá i bhfad níos mó daoine ann anois. Tá siad níos measctha, agus níl an seanphobal gan Béarla ann. I mbealach, is rud iontach go bhfuil an Ghaeltacht chomh láidir sin, ag glacadh leis an bhrú atá uirthi.

Aontaím leis an Teachta Gilmore faoi rud amháin. Níl mé ar chomhaigne leis faoin nGaeltacht i mBaile Átha Cliath ach tagaim leis faoin CyberGaeltacht. Tá gréasáin Ghaeltachta ann le Gaeilgeoirí ar fud na tíre atá i gcaidreamh lena chéile agus a bhreathnaíonn ar TG4. Níl sé i mBaile Átha Cliath amháin — tá sé ar fud na tire. Is iontach an rud é agus molaim an Teachta Michael Higgins agus an t-iarTheachta Geoghan-Quinn, a chuir tús le TG4. Is minic a dúirt mé gur sin ceann de na rudaí is fearr a tharla ó thaobh na Gaeilge de agus ní raibh mé ariamh taobh thiar den doras ag moladh na ndaoine a rinne sin.

Ní thuigim cén fáth go gcaithfidh Foras na Gaeilge a bheith ina eisceacht nuair a bheidh dílarú á dhéanamh. Dá mba rud é go raibh cinneadh ceannáras Fhoras na Gaeilge a chur ó thuaidh go Tír Chonaill gan aon dílarú eile ar bun sa tír, thuigfinn ansin go mbeadh meon ann go gcaithfí chuile rud a chur siar mar go mbaineann sé leis an Ghaeilge. Nuair a bhíonn polasaí láidir díláraithe ag an Rialtas ar fad, agus Ranna Stáit de chuile cineál curtha ar fud na tíre, ní thuigim cén fáth go gcaithfidh eisceacht a dhéanamh d'Fhoras na Gaeilge. Is meon sin go gcaithfidh gach rud sa tír seo bheith láraithe i mBaile Átha Cliath. Ní socrú Bhaile Átha Cliath atá i gceist ach socrú na tíre.

Tá na Gaelscoileanna thar a bheith tábhachtach ach mura d'tógfar pobal Gaeilge timpeall ar na Gaelscoileanna, beidh go leor den iarracht ag dul amú. Tá súil agam go ndéanfaidh na heagraíochtaí Gaeilge agus Foras na Gaeilge i bhfad níos mó le pobal Gaeilge a thógáil timpeall ar na Gaelscoileanna. Tá roinnt den obair sin ar bun ach tá go leor eile le déanamh agus tá súil agam go dtabharfar faoi.

Luaigh an Teachta Carey ceist na logainmneacha agus is ceist chasta í. Tá logainmneach na tíre seo á ndeimhniú ag Brainse na Logainmneacha agus tá saineolas agus cur chuige reasúnta agus eolaíoch aici faoin gceist. Is í an bhrainse a shocraíonn na leaganacha údarásacha. Tá sí in ann a mhíniú go díreach agus go hiomlán cad as a dtagann na logainmneacha. Tá ceist ann cad é is cirte a dhéanamh — aistriú ar logainmniú i mBéarla, agus má dhéantar sin agus má tá Leeson mar ainm ar dhuine, an dtugtar Líosáin air i nGaeilge nó céard? Tá an dá thuairim ann. Cuireann Raidió na Gaeltachta leaganacha Gaeilge ar na peileadóirí ar fad atá ag imirt. Téann TG4 de réir ainm an duine sin mar is eol é go coitianta. Bíonn Páidí Ó Sé ina PháidíÓ Sé agus Dáire Ó Cinnéide ina Dháire Ó Cinnéide ach tá Mick Spillane ina Mhick Spillane agus sin an rud is ceart a dhéanamh mura bhfuil an dá leagan in úsáid go coitianta.

Tá daoine ann a deir go bhfuil sé mícheart Nás a úsáid agus atá ceangailte leis na leaganacha a thóg daoine isteach, b'fhéidir gan móran eolais, ar nós Nás na Ríogh. De réir an eolais údarásaigh atá ag an mbrainse logainmneacha agus ag an gcoimisiún, dearmad a bhí sa logainm Nás ar Nás na Ríogh. Nuair a chuirtear an fhianaise cheart stairiúil ar fáil, is ceart dúinn glacadh leis. De réir mar a thuigim chuile thagairt atá ann do Nás, is Nás a bhí ann ach go ndearnadh tagairt do Nás na Ríogh in ndán éigin ag am éigin. Go minic tugtar Galway of the Tribes ar Ghaillimh, nó Gaillimh na dTreabh. Dá mbeinn ag scríobh dáin, bheadh sé reasúnta labhairt faoi Ghaillimh na dTreabh mar rud filíochta ach an bhfuil éinne á rá liomsa gur ceart tosú ag scríobh ar na comharthaí bóthar i nGaillimh Galway of the Tribes agus Gaillimh na dTreabh i mBéarla agus i nGaeilge agus an t-ainm sin a thabhart air mar go bhfuil séúsáidte i bhfilíocht? Ba cheart do dhaoine staidéar a dhéanamh ar na cúiseanna ar fad a bhíonn ag an mbrainse logainmneacha ag roghnú logainmneacha. Is cuma cé acu an leagan a roghnódh duine, áfach, bhí an obair bhaile déanta ag an gcoimisiún agus bhí an chúis leis go soiléir.

Is iontach an rud é go raibh an oiread sin daoine ag caint sa díospóireacht seo. Bhí daoine a dúirt nach mbeadh ann ach an cúpla duine céanna agus a bhíonn i gcónaí. Labhair an t-uafás Teachtaí ar an ábhar agus níl sééascaí ar an Déardaoin a bhfuil muid ag briseadh leis an Cháisc, go mór mór Déardaoin Naofa. Glacaim buíochas leis na Teachtaí ar fad. Thug mé aird ar na pointí a rinneadh agus tá súil agam go ndéanfar cinnte de go mbeidh díospóireacht bhliantúil againn anseo agus b'fhéidir go n-éistfeadh TG4 le macnaimh go spreagfadh sé úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais dá mbeadh clár amháin sa tseachtain a thabharfadh tús áite d'óráidí agus plé i nGaeilge san Oireachtas. Dá mbeadh a leithéid de chlár ann, imeoimis ón 1% atá i gceist in úsáid na Gaeilge san Oireachtas agus bheimis ar a laghad ag 5% nó 10% i rith na bliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.