Dáil debates

Thursday, 24 March 2005

Irish Language: Statements (Resumed).

 

11:00 am

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)

Tá sé an-deacair bheith i gcomórtas le hAire; atá ag iarriadh bualadh bos a thabhairt dó féin de bharr gach rud atá déanta i dtaobh na Gaeilge. Ba cheart don Aire éisteacht leis an méid atá le rá seachas a bheith ag cur isteach orainn.

Cé gur mholamar na coinníollacha sin ag an am, nílimid cinnte go bhfuil siad ag obair, nó go n-oibreadh siad amach anseo. Tuigim go mbeidh sé an-deacair iad a chuir i bhfheidhm. Tá siad éasca a chur i bhfheidhm nuair atá an tógálaí ag lorg cead pleanála ar dtús agus nuair atá an teach á dhíol den chéad uair, ach nuair a ath-dhíoltar na tithe, beidh sé an-deacair na coinníollacha sin a chur i bhfheidhm. Tá fhios ag an Aire agus chuile dhuine go bhfuil na Gaeltachtaí mar cheantair ag laghdú. Caithfimid athsmaoineamh a dhéanamh ar cad is Gaeltacht. Ba cheart go mbeadh smaoineamh nua againn i dtaobh na brí atá le Gaeltacht. Ba cheart Gaeltacht nua a chur ar bun i mBaile Átha Cliath. Níl mé ag caint faoi Ghaeltacht bunaithe ar áit nó cheantar, ach bunaithe ar phobal.

Níl a fhios agam an bhfuil figiúirí oifigiúla ar fáil — b'fhéidir go bhfuil siad ag an Aire — ach i mo thuairim, tá níos mó daoine ag labhairt Gaeilge go laethiúil i mBaile Átha Cliath faoi láthair ná i gConamara, fiú amháin. Tá níos mó Gaeilge le cloisteáil ar an DART ná ar an mbus ón Cheathrú Rua go Gaillimh. B'fhiú tuiscint nua a bheith againn faoi cad is brí le Gaeltacht agus Gaeltacht Bhaile Átha Cliath a chur ar bun i gcomhair an phobail atá ag úsáid Gaeilge sa chathair. Caithfimid tacaíocht a chur ar fáil don Ghaeltacht sin i dtaobh scoileanna ar dtús, infrastructúr ar nós siopaí, bialann, tithe tabhairne agus b'fhéidir faoiseamh cháineach a thabhairt do dhaoine atá ag cur na n-áiseanna sin ar fáil. Caithfimid deireadh a chur leis an saghas dearcaidh atá ag an Rialtas agus an cinneadh atáá dheanamh ag an Rialtas i dtaobh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, go háirithe an cinneadh atá déanta acu Foras na Gaeilge a dhílárú go Dún na nGall. Tá an Teachta McGinley anseo——

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.