Dáil debates
Thursday, 24 March 2005
Irish Language: Statements (Resumed).
11:00 am
Eamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Ní hiad na rudaí oifigiúla na rudaí is tábhachtaí ach na rudaí atá ag tarlú i measc an phobail, ní sna hoifigí. Na rudaí is tábhachtaí d'fhorbairt na Gaeilge sa tír seo le blianta ná Teilifís na Gaeilge agus forbairt na nGaelscoileanna, scoileanna nach bhfuil an Rialtas ag tabhairt go leor tacaíochta dóibh.
Tá a fhios ag an Aire go bhfuil laghdú sna Gaeltachtaí in úsáid na Gaeilge. Tá a fhios aige go bhfuil daoine ar lorg talamh tógála agus ag ceannacht tithe sna Gaeltachtaí mar is áiteacha iargúlta iad. Is daoine iad ag a bhfuil níos mó airgid acu ná Gaeilge. Níl Gaeilge ar bith ag cuid mhaith acu.
No comments