Dáil debates

Thursday, 24 March 2005

Irish Language: Statements (Resumed).

 

11:00 am

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)

Cuirim fáilte roimh an díospóireacht seo maidir leis an Ghaeilge. Fáiltím roimh an deis a labhairt sa Dáil ar an ábhar. Tuigim cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge i saol agus i gcultúr na tíre agus chomh baolach atá sláinte na Gaeilge faoi láthair. Tugann an díospóireacht seo deis dúinn díriú ar na polasaithe ar cheart dúinn a chur i bhfeidhm sa nua-aois sa tír seo. Níl aon dabht faoi thábhacht na Gaeilge mar theanga laethúil do mhuintir na Gaeltachta agus dóibh siúd ar fud na tíre agus thar lear a labhraíonn go minic í, mar eochar dár n-oidhreacht agus dár gcultúr agus mar mharc náisiúntachta na nGael. Níl aon dabht freisin ach go bhfuil an Ghaeilge i mbaol, go bhfuil brúnna nua-aimsire uirthi agus go gcaithfear athbhreithniú ar na polasaithe agus an tacaíocht Stáit a thugtar di.

Bhí sé suimiúil gur thagraigh an coimisinéir ina chéad tuarascáil ar an bhrú atá ar a lán teangacha ar fud an domhain. Deir sé go measann saineolaithe teanga go mbeidh 90% ar fud an domhain marbh i gceann 100 bliana eile agus go bhfuil seans go mbeidh an Ghaeilge ina measc.

Tá comharthaí le feiceáil gach lá. Tá an idirnáisiúntacht eacnamaíochta agus cumarsáide ag déanamh áite bige den domhan. Tá níos mó úsáide bainte as teangacha idirnáisiúnta ar nós an Bhéarla, na Spáinníse, na Síníse agus na Fraincíse go háirithe. Ar bhealach is maith an rud é sin go mbeadh cumarsáid níos eascaí i measc pobal an domhain. Má tá daoine in ann labhairt le chéile, beidh tuiscint níos fearr eatarthu agus idir tíortha agus b'fheidir go mbeidh laghdú i gcoimhlint agus i gcogadh. Ag an am céanna, tá an dainséar ann má chaillfidh daoine a dteanga náisiúnta nó réigiúnach go rachaidh siad ar thoir bealaí eile, bealaí níos measa, lena gcultúr, an-oidhreacht agus a náisiúntacht a chur chun cinn. Is cuspóir oidhreachta í teangacha a shabháil ar a laghad agus iad a úsáid de ghnáth más féidir. Cuimhnímid sean-fhoirgnimh, sean-suíomhanna agus seanchas de gach sórt mar is ábhar oidhreachta iad. Ar a laghad caithfear teangacha a shabháil ar an fáth céanna.

Caithfear a admháil go bhfuil an Ghaeilge i mbaol cé go bhfuil an-infheistíocht déanta agus a lán déanta lena sábháil agus a húsáid a leathnú. Ar dtús, mar a admhaíonn an coimisinéir, tá teip ar iarrachtaí an Stáit úsaid na Gaeilge a leathnú trí mheán an oideachais. Caitheadh €500 milliún gach bliain sna scoileanna ag múineadh na Gaeilge. Tá 1,500 uaireanta teagaisc do gach dalta sa tír agus sa deireadh thiar thall níl Gaeilge mhaith nó líofa ag formhór ndaoine ag teacht amach as na scoileanna. Taobh istigh de chúpla blianta tar éis na hardteiste, tá an Ghaeilge a d'fhoghlaim na daoine sin ar scoil caillte ag an chuid is mó acu. Cinnte, caithfear athbreithniú a dhéanamh ar éifeacht múinte agus foghlama na Gaeilge sna scoileanna.

Tá na Gaeltachtaí freisin i mbaol. Le fada an lá, ní hionann na Gaeltachtaí oifigúla agus na ceantair ina labhraítear Gaeilge mar ghnáth-theanga laethúil. Tá iarrathóirí d'Údarás na Gaeltachta ag canbhasáil in eastáit tithíochta ar imeall chathair na Gaillimhe in áiteanna nach bhfuil Gaeilge ach ag teaghlach anseo agus ansiúd mar tá na ceantair sin go hoifigiúil i nGaeltacht Chonamara. Cúis imní agus nuacht d'a lán teaghlaigh in áiteacha ar nós Chnoc na Cathrach. Tá sé seafóideach go bhfuil na teorainneacha Gaeltachta chomh dona sin.

Bhíodh Gaeilge labhartha mar ghnáth-theanga in áiteacha ar nós Chnoc na Cathrach taobh istigh de leithchéad bliain ach níl anois agus níl Gaeilge labhartha go laethúil ach oiread le mílte níos faide siar ón chósta i gConamara mar atá a fhios ag an Aire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.