Dáil debates

Thursday, 17 February 2005

Criminal Justice Bill 2004: Second Stage (Resumed).

 

3:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Ar dtús tréaslaím leis an Aire as an óráid oscailte ar an mBille seo a thabhairt go h-uile agus go h-iomlán as Gaeilge sa 45 noiméad a tugadh dó. Tá súil agam nach é ant-aon Aire a dhéanfaidh sin agus go gcuirfear leis an méid Ghaeilge a úsáidtear sa bhfoirgneamh seo amach anseo.

I gcroí lár an mBille seo tá leathnú suntasach ar chumhachtaí an Gharda Síochána, sin an fáth ar dtús gur foilsíodh é i 2003 faoi teideal Bille Chumhachta an Gharda Síochána sular ceiltíodh an aidhm agus gur leathnaíodh é isteach sa gcruth atá ós ár gcomhair inniu. Séard a dhéanann an Bille ná cumhachtaí gabhála an Gharda a leathnú. Cuirtear lena gcumhachtaí samplaí corpach a thógaint gan toil an duine. Leathnaítear na cumhachtaí i dtaobh eisiúint barántais cuardaigh. Níl seo ach céim amháin ó chuardach gan barántas a fhógairt.

Níl sa Bhille seo ach ceann eile de sraith reachtaíochta draganta ón bPáirtí Daonlathach ó tháinig a bhaill i réim sa Rialtas seo. Nach ait é go bhfuil an tAire diúltach i leith idirghabháil Stáit in aon ghné eile de shaol pearsanta ach nach bhfuil fadhb ar bith aige cur le cumhachtaí ionraitheach an Stáit trí cur le cumhachtaí an Gharda Síochána go leanúnach. Mar aon lena pholasaithe uilig, ní shíleann sé gur gá dó fianaise ar bith a léiriú go bhfuil gá leis na cumhachtaí breise nó go gcuirfidh siad le héifeacht an fhórsa póilínteacht. Dá mbeadh a leithéid de fianaise ann, bheinn sásta é a mheas.

Déanann an Bille seo roinnt gnéithe amhrasacha nach bhfuil ceangailte le chéile a thionsnú, agus níl na cosaintí cuí snaidhmithe leo, mar shampla, na hathraithe i roinn 3 de na rialacha faoi inghlactacht ráitis finnéithe tugtha lasmuigh de chúirt, nó arís ag ligint don Director of Public Prosecutions achomharc a lorg i dtaca le pianbhreitheanna a shíltear bheith róbhog, agus i bPáirt 5, roinn 29, trí fíneál seasta uathoibreach a thionscnú d'ógánaigh a bhraithtear beith gafa le coir ord phoiblí.

Déanta na fírinne, b'fhéidir go bhfuil moltaí an Aire ag teacht salach ar chearta bhunreachtúla agus ar dlí Eorpach agus idirnáisiúnta. Féach cheana féin an tseachtain seo conas mar a sheas tuairim an Aturnae Ginearálta i leith reachtaíochta ar ardaíodh ceisteanna bunreachtúla faoi. De thairbhe an dabht sin bheith ardaithe, ní amháin gur léirigh an Coimisiún um Chearta an Duine na gnéithe a bhí ag déanamh tinnis dó sa mBille seo ach is léir gur dhiúltaigh sé an Bille ina iomlán.

Ach tá an tAire tar éis neamhaird a dhéanamh ar na ceisteanna a d'ardaigh sé. Is léiriú é seo ar mheon an Taoisigh nuair is féidir leis an Aire neamhaird a dhéanamh go leanúnach ar an Choimisiún um Chearta an Duine, gur féidir leis neamhionannais sóisialta a chraobhscaoileadh agus fós go ligtear dó a aireacht agus a chúram a choimeád.

Tacaím agus tacaíonn Sinn Féin le beartanna atá crua i gcoinne coiriúlachta, ach tá imní ró-mhór orainn faoi mholtaí an Aire chun tacaíocht a thabhairt don mBille áirithe seo. Mar shampla, i roinn 5(20) den mBille, tugtar cead do Cheannfort an Gharda Síochána barántas cuardaigh a eisiúint as a dheoin féin seachas ar iarratas chuig breitheamh na Cúirte Dúiche. Séard is brí leis seo ná gur féidir le gardaí ionradh ar áitreabh de réir a dtola fad is a thugann an ceannfort cead dóibh. D'éiligh an Choimisiún um Chearta an Duine gur gá an smacht breithiúnach a choimeád ar eisiúint barántais cuardaigh mar gur cur isteach suntasach é seo ar cheart do shaol priobháideach atá cosanta ag Alt 40.5 den Bhunreacht 1937 agus cosanta ag dlíthe ceartanna daonna idirnáisiúnta, ina measc Alt 8 agus Alt 1 de Phrotocól 1 den Choinbhinsean Eorpach ar Chearta Daonna agus Alt 17 den International Covenant on Civil and Political Rights.

Cheistigh an coimisiún chomh maith an raibh gá leis na forálacha atá molta ag an Aire mar go bhfuil cheana féin fáil ar bhreithimh na Cúirte Dúiche de lá is d'oíche chun déileáil le hiarratais chun barántais cuardaigh a mheas. Deir an Coimisiún um Chearta an Duine nach bhfuil an cás déanta ag an Rialtas agus measaim féin nach bhfuil sé déanta ag an Aire sa gcás seo.

Ligeann roinn 8 leathnú ar an am coinneála suas go 24 uair a chloig chun iad siúd atá faoi ghlas a cheistiú faoi ghnáth coireanna. Arís, tugann an Coimisiún um Chearta an Duine an argóint go mbeidh an Stát ag cloí ar a dhualgais faoin Choinbhinsean Eorpach ar Chearta Daonna agus an ICCPR leis an moladh seo. Cuireann Alt 40.4 den Bhunreacht, Alt 5 de Coinbhinsean Eorpach ar Chearta Daonna agus Alt 9 de ICCPR iachall ar an Stát siúd atá gafa ar aon chúis coiriúil a thógaint os comhair udarás breithiúnach gan mhoill. Tá an coimisiún faoin dtuairim gur leor an tréimhse 12 uair a chloig faoi choinneál atá ann faoi láthair ar mhaithe le fiosrúchán ceart agus comhair, agus nach bhfuil an cás leagtha amach ag an Aire cén fáth gur gá an chumhacht seo a leathnú.

Faoi roinn 13 ligfear samplaí corpartha áirithe — swab béil agus eile — a thógaint gan chead agus ligfear do na húdaráis na samplaí sin a choimeád go ceann bliana fiú muna bhfuil an duine cúisithe as aon choir. D'ardaigh an coimisiún roinnt gnéithe atá ag déanamh buairt dó faoin moladh seo. Dá réir, níl go leor cosaintí ann agus mar atá sé dreachtaithe faoi láthair ní dhéanann an Bille seo coimheá idir leas an phobail ó thaobh faisnéise a fháil agus idir cheart an duine le meas ar a iomláine fisiciúil agus a shaol priobháideach agus go bhfuil tar éis teipe go hiomlán ar an Aire a chruthú go bhfuil sé riachtanach no cionmhar chun coireanna a chosc.

Cé go ligeann an reachtaíocht seo don Aire rialacha a leagann amach i leith tógaint samplaí corpartha ar an mbonn atá molta ag an choimisiún, bheadh sé níos fearr dá mbeadh a leithéid de chosaint scríofa sa bhun reachtaíocht agus nach mbeadh sé fágtha ar dhiscréid an Aire nó athrú Airí gan maoirseacht reachtúil.

Tógaim an deis seo chun glacadh leis agus failtiú roimh na buntáistí móra d'fhiosrúchán agus cúisiú coireanna a fhéadfaidh theacht as DNA. Aontaím leis an Chomhairle Éireannach do Chearta Sibhialta, an ICCL, gur gá d'aon chóras atá ag bailiú eolais DNA le choimeád bheith riaraithe le caighdeán cosanta priobháideachas docht agus gur gá chinntiú nach ndéanfaidh aon inference a ghlacadh faoi chiontacht nó nach dtagann sé salach ar an cheart do triail chóir an duine agus go mbeidh seo leagtha amach igceart.

Aontaím chomh maith gur cóir go mbeadh fáil ar an bhunachar seo má tá sé ann ar mhaithe le cruthú nach bhfuil aon duine ciontach chomh maith le daoine a bheith ciontach agus go mbeadh cóir soiléir leagtha amach i leith siúd a úsáideann a leithéid de bhunachar d'aon ghníomh seachas d'fhiosrúchán coiriúil. Molaim don Aire agus Teachtaí eile an Tí seo díriú ar an tuairisc speisialta an ICCL ar an cheist seo. D'fhoilsigh sé "The Human Rights Compatibility of the Establishment of a DNA Database" i mí Dheireadh Fomhair 2003 agus tá roinnt céisteanna móra spéisiúla ansin.

Maidir leis an cheist faoi ligint de ráitéisí a dhéanamh roimh chás cúirte agus atá salach ar ráitéisí ina dhiadh sin mar chuid den fianaise, mar a ligfear faoi fhoralácha Chuid 3 go bhfuil roinnt fadhbanna anseo. Seo gné a dhírigh an Comhchoiste um Dhlí agus Ceart, Comhionannas, Cosaint agus Cearta Bán sa Teach seo isteach uirthi agus phlé sé go dian í. Chaith an coiste a lán ama ag cíoradh na ceiste seo agus tar éis teip chás dunmharú i Luimneach. Is trua gur léiriú seo ar sotal an Aire gur fhoilsigh sé an Bille seo sula raibh muid críochnaithe sa choiste sin ag plé sin agus nár fhan sé ar mholtaí an choiste — fiú nuair a bhí a lán Teachtaí Rialtais gafa leis an díospóireacht sin.

Tá imní mhór ar Choimisiún um Chearta an Duine agus an ICCL. Dúirt siad nach bhfuil na cumhachtaí atá acu úsáidaithe ina n-iomlán ag na gardaí agus ag an chóras dhlí agus gur theip an tAire a léiriú go bhfuil fadhb suntasach, dáiríre agus leanúnach ann agus gur gá an dlí a athrú sula dhéanfar na bunchéimeanna eile maidir le cosaint bhreise finnéithe a thógáil ar dtús. Rinneadh a leithéid de moltaí ag an choiste anuraidh agus is trua nár tógadh na céimeanna sin sular thosaigh muid ag athrú an dlí.

Níl gá ann le níos mó cumhachtaí do na gardaí. Is é atá uainn na dáileadh níos éifeachtaí agus níos straitéisí ar na hacmhainní atá ag na gardaí faoi láthair mar aon le leasú ar an Gharda Síochána chun a chinntiú go mbeadh an fórsa níos freagraí do cheantair agus na daoine ina bhfuil sé ina measc. Tá roinnt de sin sa mBille Garda Síochána agus tá súil agam go mbeidh sé níos freagraí i ndiaidh leasuithe agus tá súil agam go mbeidh an tAire sásta leasuithe a ghlacadh ag Céim an Choiste agus gur féidir linn an Bille a fheabhsú. Faoí láthair ní thugaim tacaíocht dó.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.