Dáil debates

Tuesday, 23 November 2004

10:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Gabhaim buíochas leis an Teachta Mac Fhionnlaoich as ucht na bhfocal deamhéin a bhí aige dom. Mar is eol don Teachta Mac Fhionnlaoich, tá Nuvotem Teo i mbun déantúsaíochta i gCroithlí ó 1979 agus tá an comhlacht ag tairgeadh transfhoirmitheoiri nó Toroidal Transformers don earnáil teileachumarsáide-leictreonaice.

Tá an comhlacht seo, maron le dhá chomhlacht eile, ceann i bPoblacht na Seice agus ceann eile san Ind, agus oifig dhíolacháin sa Ghearmáin, mar chuid den ghrúpa idirnáisiúnta Talema. Is fochuideachta 100% de chuid Nuvotem é an comhlacht i bPoblacht na Seice agus tá mionscairshealbhaíocht 1% ag Nuvotem san Ind. Tá an gnó sa tSeic agus san Ind á bhainistiú ag Nuvotem.

Chuir Nuvotem fostaíocht mhaith ar fáil i nGaeltacht Dhún na nGall, i gceantar Ghaoth Dobhair agus na Rosa, ón am ar bunaíodh é go dtí le gairid. Ní i bhfad tar éis an comhlacht a bhunú bhí an leibhéal fostaíochta os cionn 70 agus d'fhan sé ag an leibhéal sin ar feadh scór bliain, ag sroicheadh buaicphointe de 114 post i lár na nóchaidí.

D'íoc Údarás na Gaeltachta €1.531 milliún i ndeontais leis an gcuideachta thar an thréimhse 1979 go dtí 1995. Níor íocadh aon deontas ó shin. Rinne an t-údarás infheistíocht €780,889 i scaireanna tosaíochta sa chuideachta freisin. Caithfidh mé a threisiú gur scaireanna tosaíochta iad seo gan aon cheart vótála, rud a chiallaíonn nach bhfuil aon chearta ag an údarás ó thaobh bhainistiú nó riaradh na cuideachta ó lá go lá. Is ag gnáthscairshéalbhóirí na cuideachta amháin atá na cearta sin. Rinne an infheistíocht deireanach i scaireanna tosaíochta sa chomhlacht i 1998.

Ag breithniú ar an bhfostaíocht mhaith a cuireadh ar fáil thar na blianta, níl aon amhras ann ach go bhfuarthas luach maith ar infheistíocht an Stáit sa chomhlacht seo.

Maidir leis an staid reatha, ar an gcéad dul síos caithfear a aithint go bhfuil an chuideachta ag feidhmiú in earnáil atá thar a bheith leochaileach sa tír seo i láthair na huaire mar gheall ar an gcoimhlint ghéar ó thairgeóirí atá ag feidhmiú i dtíortha le costais táirgíochta i bhfad níos ísle. Ní amhain go bhfuil an margadh dá tháirge ag laghdú le roinnt blianta anuas ach tá an brabús ag laghdú chomh maith.

Tá 58 fostaithe san iomlán i gcomhlacht Nuvotem faoi láthair idir 15 fostaithe go lánaimseartha ag cur seirbhísí teicniúla, díolacháin agus riaracháin ar fáil don ghrúpa agus 43 fostaithe in obair táirgíochta i gCroithlí. Tá an 15 phost seo mar chuid thábhachtach de riaradh agus bhainistiú an ghrúpa agus is postanna tábhachtacha iad seo don cheantar freisin.

Maidir leis an bhfoireann táirgíochta, áfach, tuigim go bhfuil na daoine seo leagtha as a gcuid oibre le deich seachtain anuas agus tá cúrsaí fostaíochta ag brath ar orduithe a bheith ar fáil don aonad táirgíochta i nDún na nGall. Tuigim chomh maith go bhfuil an chuideachta tar éis glacadh le hiarratas le gairid ó ochtar den fhoireann táirgíochta i leith íocaíochtaí reachtúla iomarcaíochta.

Mar is eol don Teachta, tá coimhlint ghéar in earnáil na déantúsaíochta le roinnt blianta anuas agus tá poist á gcailliúint ar fud na tíre seo dá réir, na ceantair Ghaeltachta san áireamh. Cé nach bhfuil aon smacht ag Údarás na Gaeltachta ar riaradh na cuideachta seo, mar atá soiléirithe agam níos tuisce, bíonn caidreamh rialta ag feidhmeannas an údaráis le bainistíocht Nuvotem chun scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ann maidir le hinmharthanacht an chomhlachta a chinntiú.

Tá curtha in iúl ag bainistíocht an chomhlachta don údarás go bhfuil tréan-iarrachtaí ar siúl ag Nuvotem chun orduithe a aimsiú a chuirfidh ar a gcumas táirgeadh a athbhunú sa mhonarcha i gCroithlí. Deir an bhainistíocht chomh maith go bhfuil sí dóchasach orduithe a chuirfidh ar a gcumas é seo a dhéanamh a aimsiú san earrach seo chugainn.

Tugadh figiúirí dom a thaispeáint na difríochtaí idir na scálaí pá sa tSeic agus sa tír seo. Is fadhb í seo agus ní bheadh éinne sa tír seo sásta agus ní bheadh sé dleathach oibre ar an gcineál pá atá i gceist. A fhad is go bhfuil iomaíocht mar sin ar bun, beidh fadhbanna ag an gcineál seo déantúsaíochta. Tá súil agam go bhfaighfear tairgí breise ach caithfimid tuiscint nach bhfuil mórán go díreach gur féidir leis an údarás a dhéanamh ach leanúint ar aghaidh bheith ag plé leis an mbainistíocht agus iarracht a dhéanamh dul i malairt threo go ginearálta sa nGaeltacht agus fostaíochta níos buaine nua aimseartha a aimsiú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.